

Rinneadh measúnú ar na 26 Contae, bunaithe ar aimsir, praghsanna tithe, áilleacht nádúrtha agus cóngaracht do chathair, agus is é Port Láirge an áit a bhfuair an líon is mó pointí.
Tugtar Na Déise air go minic, cé go bhfuil ceantar Gaeltacht na nDéise timpeall an Rinn, thart ar 10 gciliméadar ó bhaile Dhún Garbhán.

Tithe agus Praghsanna
Bhí Port Láirge sa 13ú háit ó thaobh praghsanna tithe de, le meánphraghas €222,000. Cé nach é an áit is saoire é, bhí sé níos fearr ná contaetha cosúil le Cill Mhantáin (€420,000) agus Baile Átha Cliath.
Aimsir agus Gréine
Tugadh faoi deara go bhfaigheann deisceart na tíre níos mó gréine ná an chuid eile. Fuair Port Láirge 1,356 uair an chloig de ghrian in aghaidh na bliana – agus é sa tríú háit i measc na gcontaetha, taobh thiar de Loch Garman agus Baile Átha Cliath.
Cóngaracht do Chathair
Bhí Port Láirge sa chúigiú háit maidir le cé chomh cóngarach is atá daoine don chathair. Ní bhíonn ach 16 ciliméadar ar an meán idir áit chónaithe agus cathair Phort Láirge – rud a mheallann daoine a dteastaíonn rochtain éasca ar áiseanna uirbeacha uathu.
Áilleacht Nádúrtha
Maidir le háilleacht nádúrtha, tháinig Port Láirge sa naoú háit, le suímh mar na Sléibhte Comaraigh agus tránna Chósta an Chopair ag cur go mór lena mhealltacht.
An Rangú Deiridh
Nuair a cuireadh gach catagóir le chéile, tháinig Port Láirge ar an gcéad áit. D’éirigh leis dul chun cinn a dhéanamh os cionn Loch Garman (2ú háit) agus Dhún na nGall (3ú háit). Is mór an t-éacht é seo don ‘Chontae Chriostail’.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.