

Tá iar-laoch Phoblacht na hÉireann, Richard Dunne, dóchasach faoi sheans na hÉireann cáilíocht a bhaint amach do Chorn Domhanda 2026.
Dar leis, is é seo an deis is fearr atá ag an tír le blianta fada anuas.
Beidh Éire ag tosú a bhfeachtas cáilithe ar an 6ú Meán Fómhair nuair a ghlacfaidh siad leis An Ungáir sa Staid Aviva i mBaile Átha Cliath.

Tá foireann Heimir Hallgrímsson i nGrúpa F in éineacht leis an Ungáir, an Phortaingéil agus an Airméin.
Cé go bhfuil sé ina ghrúpa crua, tá muinín ag Dunne i bhfoireann na hÉireann.
Ag labhairt dó le Casino.org, dúirt sé: ‘Bhí mé ag caint le cairde agus dúirt mé go mothaím gurb é seo an chéad uair le fada an lá go bhfuil fíor seans againn cáilíocht a bhaint amach.
‘Tá líon maith imreoirí againn anois agus níos mó doimhne sa scuad.
‘Tá córas againn atá ag oibriú agus táimid deacair a chur faoi chois.’
Dar le Dunne, sin rud a bhí in easnamh ar Éirinn le roinnt feachtas anuas, agus tá sé dóchasach go mbeidh an fhoireann in iomaíocht ar son áit sna babhtaí cáilithe breise (na play-offs).
Níor cháiligh Éire do mhórchomórtas ó Euro 2016, agus is i 2002 a d’imríomar an uair dheireanach i gCorn an Domhain.
Luaigh sé freisin go bhfuil dul chun cinn mór déanta ag an bhfoireann le cúpla bliain anuas, agus tá sé dóchasach faoi cheann de na réaltaí nua, Evan Ferguson.
Bhain Ferguson splanc as an bPríomhshraith nuair a thosaigh sé le Brighton, ach tháinig meath ar a fhoirm le gortuithe agus níos lú ama imeartha.
Bhog sé ar iasacht go Roma an samhradh seo, agus tá cúpla cúl scóráilte aige cheana féin sa réamhshéasúr.
Creideann Dunne go mbeidh Ferguson ar cheann de na príomhimreoirí san fheachtas seo.
Dúirt sé: ‘Tá cumas aige a bheith ina ionsaitheoir den scoth le blianta fada.
‘Tá buntáiste sa bhogadh go club mór eile lasmuigh den Bhreatain – beidh sé ábalta díriú air féin agus ar a fhorbairt.’

Maidir le ceannaireacht na foirne, tá Séamus Coleman ag druidim le deireadh a shaoil imeartha, agus dar le Dunne, is é Nathan Collins – captaen nua Brentford – an rogha nádúrtha.
‘Tá sé ag teacht chun cinn anois mar imreoir aibí agus tá na tréithe ceannaireachta go léir aige,’ a dúirt Dunne.
‘Tá sé in am do dhuine óg an chéim sin a thógáil agus a bheith i gceannas ar fhoireann na hÉireann sna blianta amach romhainn.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.