

Beidh Domhnall Gleeson, aisteoir Éireannach mór le rá, le feiceáil ar an scáileán beag arís i mí Mheán Fómhair, nuair a scaoilfear a shraith nua The Paper.
Is ‘spin-off’ é an clár seo den tsraith mhór-ráchairte The Office, ach in áit na hoifige cáiliúla i Scranton, aistreofar an scéal go Toledo, Ohio, áit a bhfuil nuachtán réigiúnach darb ainm The Toledo Truth-Teller lárnach sa scéal.

Coinníonn an tsraith stíl an ‘mockumentary’ a d’fhág The Office chomh greannmhar agus rathúil.
Chruthaigh Greg Daniels agus Michael Koman an tsraith nua seo, agus cé go mbeidh sí ag sruthú ar Peacock i Meiriceá, tá sé deimhnithe anois go mbeidh lucht féachana in Éirinn ábalta féachaint uirthi ar Sky agus ar NOW.
Is é Domhnall Gleeson príomhaisteoir na sraithe, agus beidh sé in éineacht le Sabrina Impacciatore, Chelsea Frei, Melvin Gregg, Gbemisola Ikumelo, Alex Edelman, Ramona Young, Tim Key, agus Oscar Nuñez, a bhí le feiceáil in The Office féin.
Beidh na chéad ceithre eagrán ar fáil ag an am céanna ar an 5 Meán Fómhair, agus scaoilfear dhá eipeasóid nua gach seachtain ina dhiaidh sin, go dtí an 26 Meán Fómhair.

Tá The Paper dírithe ar iarracht grúpa iriseoirí deonacha an nuachtán stairiúil a thabhairt ar ais ó bhéal an bháis – agus mar sin, tá greann, drámaíocht, agus píosaí sóisialta ann.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.