Iníon Jason Corbett, Sarah, ag labhairt faoin éagóir a bhain lena bhás

Cuimhnítear ar Jason Corbett deich mbliana tar éis do Molly Martens agus a hathair é a mharú i Meiriceá

Tá iníon Jason Corbett, Sarah Corbett Lynch, tar éis a rá go bhfuil sé fós ‘deacair uaireanta glacadh le bás a hathar agus an éagóir (injustice) a bhaineann leis’, deich mbliana ó maraíodh é i Meiriceá.

Dúirt Sarah, atá 18 mbliana d’aois agus a scríobh dhá leabhar faoin eachtra, ar an ardán X: ‘Agus comóradh 10 mbliana linn, bíonn sé deacair uaireanta glacadh le bás Dhaid agus an éagóir a tháinig leis.

Jason Corbett
Jason Corbett

‘Ach cuirim i gcuimhne dom féin go bhfuil sé ceart go leor é sin a mhothú. Ní ligfidh mé dom féin fanacht sáinnithe ann.’

Maraíodh an tUasal Corbett, a bhí 39 bliain d’aois, ina theach féin i Panther Creek, Carolina Thuaidh, ar an 2 Lúnasa 2015.

Dúirt cúirteanna go ndearna a dara bhean chéile Molly Martens agus a hathair Tom Martens – iar-ghníomhaire FBI – é a bhualadh agus a mharú agus é ina chodladh.

Ciontaíodh an bheirt i ndúnmharú grád a dó sa chéad triail i 2017, agus gearradh 20 go 25 bliain phríosúin orthu.

Chaith siad 44 mí sa phríosún sular cealaíodh na ciontuithe sin i ndiaidh achomhairc.

I dtriail nua i mí na Samhna 2023, daoradh iad as dúnorgain neamhdheonach, agus gearradh íos-phianbhreith seacht mí agus uasteorainn 23 mí orthu.

Scaoileadh amach ón bpríosún iad i mí an Mheithimh seo caite.

Bhí beirt pháiste Jason, a bhí aige lena chéad bhean chéile Mags, sa teach tráth a dhúnmaraíodh é.

Tá siad ina gcónaí i Luimneach ó shin, le deirfiúr Jason, Tracey Corbett Lynch, agus a fear céile David.

Ar an leathanach tacaíochta Facebook ‘Jason’s Journey’, scríobhadh: ‘Athair dílis, deartháir grámhar, mac cneasta – fear a raibh i bhfad níos fearr tuillte aige.

‘Is cuimhin linn Jason le grá agus bród, agus tugaimid ómós do neart dochreidte a pháistí, Jack agus Sarah, a léirigh misneach i bhfianaise pian dochreidte.

‘Léiriú é sin ar an ngrá a thug a n-athair dóibh.’

Lean an teachtaireacht ar aghaidh ag rá gur ‘iompaíodh a shaol i dtubaiste bhrúidiúil, cruálach agus gan chiall’, agus go seasann siad ‘go láidir leis an gcreideamh go gcaithfear an ceart a lorg i gcónaí, is cuma cé chomh fada is a mhairfidh sé’.

Ghabh an teaghlach buíochas leis an bpobal freisin: ‘Do gach duine a shiúil linn ar thuras Jason – tá bhur dtacaíocht tar éis sinn a choinneáil i rith na laethanta is dorcha.

‘Buíochas ó chroí. Ná déantar dearmad. Neart do Jack agus Sarah. Jason – beidh cuimhne ort go deo.’

I mí na Bealtaine seo caite, craol Netflix clár faisnéise darb ainm, A Deadly American Marriage, a bhí ceithre bliana á léiriú.

Labhair Molly agus Tom Martens ann, ag maíomh gur ghníomhaigh siad le féinchosaint.

Labhair Jack agus Sarah freisin, ag insint faoi chuimhní lena n-athair – dúirt Jack nach bhfaca sé riamh a athair ag cur lámh i gcoinne Molly Martens.

Molly Martens
Molly Martens

Dúirt teaghlach Corbett Lynch gur ghlac siad páirt sa chlár ‘mar go léiríonn sé an tionchar tromchúiseach a bhí ag easpa ceartais orainn sa chóras dlí. Ní sinne amháin atá ag fulaingt mar seo.’

Dúirt siad go raibh súil acu gur thug an clár ómós do chuimhne Jason agus gur chabhraigh sé leis na híospartaigh a nguth a chur in iúl: ‘Cé go bhfuil a ghuth múchta anois, is orainne atá an dualgas labhairt ar a shon.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram