Taraifí? Ná bac! Tá infheistíocht ollmhór biotech i nGaeltacht na Gaillimhe

03/08/2025

Tá dul chun cinn déanta ag comhlacht atá ag déanamh trialacha cliniciúla d’othair le hailse agus meastar go méadóidh an fhoireann sa Spidéal go suntasach an bhliain seo chugainn

Chuir Údarás na Gaeltachta fáilte roimh dheontas €12 milliún a bronnadh ar a chliant comhlacht Eolaíocht Bhitheach LIfT Teoranta (LIfT BioSciences) ón gCiste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha (Disruptive Technologies Innovation Fund, DTIF).

Is ciste €500 milliún atá bunaithe ar dhúshláin é Ciste Nuálaíochta na dTeicneolaíochtaí Suaiteacha (DTIF) a bunaíodh faoi Thionscadal Éireann 2040.

lift bio fear 1

Tá sé ar cheann de cheithre chiste a bunaíodh faoin bPlean Forbartha Náisiúnta (National Development Plan, NDP) 2018-2027.

Tá sé á bhainistiú ag an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta agus á riaradh ag Fiontraíocht Éireann.

Go dtí seo, tá breis is €393 milliún i maoiniú bronnta ar 107 tionscadal.

Mar sin féin is é seo an deontas is mó a bronnadh ag an gciste go dtí seo agus is maith an rud é sin d’Údarás na Galetacha.

Agus tá an infheistíocht seo, i nGaeltacht na Gaillimhe, ag teacht ag am an-tábhachtach, díreach nuair atá brú á chur ar chuideachtaí idirnáisiúnta atá bainteach le cuideachtaí leighis mar gheall ar tharaifí Trump.

Chomh maith leis sin, is vóta muiníne é i nGaeltacht na Gaillimhe agus ina lucht saothair oilte.

Tá LIfT BioSciences ag stiúradh na comhpháirtíochta in éineacht le hOllscoil na Gaillimhe agus Hooke Bio.

Peter Burke ag caint faoi dul chun cinn i nGaeltacht na Gaillimhe
Peter Burke ag caint faoi dul chun cinn i nGaeltacht na Gaillimhe

Tacóidh an maoiniú le trialacha cliniciúla d’othair le hailse.

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach, Údarás na Gaeltachta: ‘Is sampla iontach é Eolaíocht Bhitheach LIfT Teoranta den chaoi is féidir le comhlacht bithteicneolaíochta idirnáisiúnta, deiseanna fostaíochta ardluacha a chruthú sa Ghaeltacht.’

De réir mar a théann Eolaíocht Bhitheach LIfT Teoranta ar aghaidh i dtreo trialacha cliniciúla a bhfuiltear ag súil leo an bhliain seo chugainn, meastar go méadóidh an comhlacht an fhoireann sa Spidéal, i nGaeltacht na Gaillimhe, go suntasach, rud a chruthóidh deiseanna do ghairmithe ardoilte i mbithteicneolaíocht agus taighde cliniciúil.

Dúirt Peter Burke, an tAire Fiontraíochta, Turasóireachta agus Fostaíochta: ‘Bhunaigh an Rialtas Ciste Nuálaíochta na dTeicneolaíochtaí (DTIF) chun infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí nuálaíochta agus a bhfuil an cumas acu tabhairt faoi dhúshláin náisiúnta agus sóisialta ríthábhachtacha.

lift biotech1

‘Is mian linn maoiniú a thabhairt do thionscadail a dhéanfaidh difríocht fhíor do shaol na ndaoine.

‘Tháinig an tionscadal seo trí phróiseas meastóireachta dian agus léiríonn leibhéal an mhaoinithe a bronnadh a chumas chun athrú móra dhéanamh i dteiripe ailse.

‘Táim ar bís an tionchar a thabharfaidh sé a fheiceáil.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram