Bíonn grá de dhíth ag madraí i rith na bliana, ní hamháin sa samhradh

Bíonn fonn ar theaghlaigh madra a fháil sa samhradh; ach an mbeidh grá agat dó nuair a thosóidh laethanta na scoile arís?

Méadaíonn líon na dteaghlach atá ag lorg madra mar pheata le linn míonna an tsamhraidh.

Mar sin féin tá rabhadh tugtha ag an eagraíocht charthanachta, Irish Blue Cross, go bhféadfadh na peataí a bheith ina aonar i mí Mheán Fómhair nuair a fhilleann páistí ar scoil.

Madra 3
Pictiúr: Shutterstock

Tá an charthanacht ag iarraidh ar dhaoine atá ag smaoineamh ar a madraí féin a fháil, machnamh cúramach a dhéanamh air.

B’fhearr leo smaoineamh ar an am agus ar an gcostas a bhaineann leis sula nglacann siad peata chucu féin, mar  tagann méadú ar chuardaigh Google do ‘madra a fháil’ sa samhradh.

Bíonn an fonn níos láidre ar dhaoine madra a thabhairt abhaile sa samhradh, go minic mar gheall ar laethanta saoire na scoile, níos mó ama saor agus tráthnóna níos gile.

Mar sin féin tá foláireamh tugtha ag an eagraíocht nach mbíonn gach cinneadh a dhéantar gan mhoill ina rud maith, agus go dtig le fadhbanna nach raibh súil leo teacht aníos idir an madra agus an teaghlach.

Madra 2
Pictiúr: Shutterstock

Dúirt an Dr Laura Mock, ceannasaí seirbhísí tréidliachta le Irish Blue Cross: ‘Tá sé fíorthábhachtach go dtuigeann daoine an tiomantas iomlán.’

Dúirt sí go bhféadfadh sé níos mó ná €1,500 sa bhliain a chosaint madra a choinneáil, ag brath ar a mhéid agus a phór.

Dúirt sí: ‘Áirítear leis sin costais do bhia, vacsaíní, cuairteanna chuig an tréidlia (veterinarian), árachas peataí, grúmaeireacht (grooming), traenáil, agus billí gan choinne ón tréidlia.

‘Le linn shaolré mhadra, d’fhéadfadh na costais sin dul thar €20,000.’

Ní hamháin go bhfuil an charthanacht buartha faoi na costais, ach tá siad ag iarraidh ar dhaoine a mheas an t-am agus an cúram mothúchánach atá riachtanach chun go mbeidh saol maith ag an ainmhí.

Titeann suim na ndaoine ó Mheán Fómhair go Samhain, agus is í mí na Samhna an tréimhse is lú suime – seans gur mar gheall ar ghnóthacht an fhómhair agus ullmhúchán do laethanta saoire na Nollag atá sé.

Madra 4
Pictiúr: Shutterstock

Dúirt an Dr Ciara Sweeney, tréidlia le Irish Blue Cross: ‘Nuair a thagann deireadh leis an samhradh, téann páistí ar ais ar scoil, éiríonn na laethanta níos giorra agus uaireanta imíonn an spéis atá ag daoine sa pheata.

‘Tá gá le ham don traenáil, aclaíocht agus i dtaithí ar dhaoine agus ainmhithe eile, agus caithfidh tú smaoineamh ar cé a bheidh ag tabhairt aire don pheata nuair a bheidh tú as baile.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram