Fáilte curtha ag réalta GAA agus GamblingCare roimh srianta PTSB ar chearrbhachas

28/07/2025

Tá fáilte curtha ag réalta GAA Oisín McConville agus ag an eagraíocht GamblingCare roimh chinneadh bhanc PTSB srianta a chur ar chearrbhachas ar líne, rud a chabhróidh leis an troid i gcoinne andúil chearrbhachais.

Tá moladh faighte ag ceann de na príomhbhainc sa tír, PTSB,  ó fheachtasóirí i gcoinne cearrbhachais, lena n-áirítear Oisín McConville, as tionscnamh nua.

Tá sé anois indéanta do chustaiméirí PTSB bac a chur ar idirbhearta cárta le comhlachtaí cearrbhachais. Áirítear leis seo suíomhanna gealltóireachta, poker, crannchuir agus ceasaíneonna ar líne.

Oisín McConville
Oisín McConville

Labhair Oisín McConville, laoch peile ó Ard Mhacha agus urlabhraí GamblingCare, go dearfach faoin tionscnamh.

Dúirt sé, mar iar-andúileach cearrbhachais: ‘Is buntáiste é go bhfuil sé seo ar fáil go digiteach – tá sé inrochtana ar an bpointe boise.’

Fuair taighde ón Economic and Social Research Institute amach i 2023 go bhfuil duine amháin as gach 30 duine fásta sa tír ag streachailt le fadhb chearrbhachais.

Tá an ghné nua ar fáil ar aip PTSB agus tugann sí deis do chustaiméirí bac a chur láithreach ar idirbhearta cárta le comhlachtaí cearrbhachais.

Fanann an bac i bhfeidhm go dtí go mbaintear é, agus tosaíonn moill 48 uair an chloig ansin.

Tháinig an beart seo i ndiaidh anailíse a rinne PTSB ar a gcuid sonraí baincéireachta, a léirigh go raibh 91% den airgead a caitheadh ar chearrbhachas déanta trí bhaincéireacht ar líne.

Léirigh an anailís freisin gur fir a chaith 80% den airgead ar chearrbhachas, agus mná freagrach as 20% amháin.

Ba iad daoine idir 40 agus 49 bliain d’aois a chaith an méid ba mhó.

Dúirt Tony O’Reilly, iar-andúileach agus údar an leabhair Tony 10, go bhfuil an rochtain éasca ar chearrbhachas ar líne ‘scanrúil’ agus gur cosúil le ‘andúil nua ar fad’ atá ann.

PTSB
PTSB

Dúirt sé freisin go bhféadfadh an ghné nua ó PTSB cabhrú le ‘stigma’ na handúile a laghdú, agus go spreagann sé daoine le fadhbanna teacht chun cinn agus cabhair a lorg.

Dúirt Patrick Farrell, Oifigeach Baincéireachta Miondíola le PTSB, go bhfuil súil aige go mbeidh na bearta seo ar fáil ‘nuair is mó a theastaíonn siad ó chustaiméirí.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram