

D’fhéadfadh moill eile a bheith ar Bhille na Críocha faoi Fhorghabháil tar éis do choiste traspháirtí san Oireachtas a rá go gcaithfear tuilleadh taighde a dhéanamh sula nglacfar leis.

Táthar ag súil go molfaidh an coiste freisin go gcuirfí cosc ar sheirbhísí chomh maith le hearraí ó na críocha faoi fhorghabháil.
Tá sé mar aidhm ag an reachtaíocht seo, de chuid an Tánaiste Simon Harris, cosc a chur ar thrádáil le lonnaitheoirí mídhleathacha i gcríocha na bPalaistíne, atá ag ionsaí Palaistínigh agus ag glacadh a dtithe le tacaíocht ó arm Iosrael.
Aontaíodh an chéad leagan de Bhille na gCríoch faoi Fhorghabháil sa Dáil in 2018, ach tá brú idirnáisiúnta ann, go háirithe ó lucht tacaíochta Iosrael sna Stáit Aontaithe.
Thug ambasadóir SAM go hIosrael, Mike Huckabee, an teideal ‘taidhleoireacht ar meisce (diplomatic intoxication)’ ar an mBille nua, agus dúirt sé gur cheart dúinne in Éirinn ‘teacht chugainn féin’ agus leithscéal a ghabháil le hAire Gnóthaí Eachtracha Iosrael.
Tá tacaíocht ag an mBille ó fhormhór na dTeachtaí Dála, lena n-áirítear Sinn Féin, an Lucht Oibre, na Daonlathaithe Sóisialta, Fianna Fáil agus Fine Gael.
Mar sin féin, tá roinnt Teachtaí Rialtais sa Rialtas ag géilleadh do bhrú ó chomhlachtaí Meiriceánacha, agus tá imní ann go gcuirfear moill bhreise ar an mBille, in ainneoin na n-ionsaithe méadaithe ó Iosrael ar mhuintir na Palaistíne.
Tá an t-iar-aire dlí agus cirt, Alan Shatter, tar éis cáineadh a dhéanamh ar Bhille na gCríoch faoi Fhorghabháil freisin, chuir sé é i gcomparáid le reachtaíocht na Naitsithe.
Dúirt an tUasal Shatter le Coiste Gnóthaí Eachtracha an Oireachtais gurb é an reachtaíocht atá beartaithe an chéad ‘bhille um bhaghcat na nGiúdach’ ó rialtas Eorpach ó 1945, agus gur macasamhail den chineál reachtaíochta a thionscain na Naitsithe é.
Mar sin féin dúirt roinnt figiúirí mór le rá ó Iosrael cur cóir d’Éirinn cosc a chur ar thrádáil le lonnaíochtaí mídhleathacha ar thalamh na Palaistíne anois.
Tá iar-Ard-Aighne Iosraelach, Michael Ben-Yair, roinnt iar-ambasadóirí agus buaiteoirí duaiseanna cultúrtha tar éis litir a chur chuig an choiste le tacaíocht a thabhairt do Bhille na gCríoch faoi Fhorghabháil atá molta.

Dúirt siad: ‘Cuirimid fáilte roimh an dul chun cinn atá Éire ag déanamh maidir leis an mBille… Dúirt an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta go soiléir: tá ar gach stát dualgas “gan cúnamh ná tacaíocht a thabhairt” a chabhraíonn le lonnaíochtaí Iosraelacha a choinneáil sna Críocha faoi Fhorghabháil.
‘Dá réir sin, tá sé fíorthábhachtach go gcomhlíonfaidh Éire an tuairim chomhairleach sin tríd an trádáil leis na lonnaíochtaí mídhleathacha a stopadh – ní amháin i dtaobh earraí, ach i dtaobh seirbhísí chomh maith.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.