

Beidh Brendan O’Carroll agus Mrs Brown’s Boys thar n-ais le sraith úrnua an mhí seo chugainn.
Chomh maith leis sin tá clú agus cáil ag teacht ar Agnes, as Fionnghlas (Finglas) mar réalta phodchraolta, agus í féin ag dul i mbun an mhicreafóin, agus Winnie ag foghlaim tiomáint.

Tosaíonn an tsraith nua Dé hAoine, an 1 Lúnasa, ar RTÉ a hAon agus ar Sheinnteoir RTÉ, agus deir Brendan O’Carroll – réalta agus cruthaitheoir na sraithe – go bhfuil an cheathrú shraith ‘bunaithe ar eachtraí fíor’.
Beidh an criú ar fad ar ais, chomh maith le haíonna speisialta: Simon Delaney, Shobu Kapoor agus Marek Larwood.
Ag labhairt dó faoin tsraith úr, dúirt Brendan: ‘Níl na smaointe sa tsraith seo ar bith difriúil leis na 53 eagrán a chuaigh rompu.
‘Creid é nó ná creid é, tá formhór na scéalta bunaithe ar eachtraí fíor – rud éigin a tharla i mo theaghlach féin, nó a d’inis daoine dom faoi chásanna ina muintir féin.’
I gceann d’eagrán na sraithe, éiríonn Mrs Brown ina réalta phodchraolta – rud a chuireann uafás ar a hiníon Cathy.
Idir an dá linn, tá Grandad ag smaoineamh ar fhágáil an tí le dul isteach i dteach altranais.
Agus ní beag an chontúirt a bhíonn sa cheantar nuair a shocraíonn Winnie go gcaithfidh sí an scrúdú tiomána a bhaint amach.
Nuair a fiafraíodh de Brendan cén chuimhne is fearr a bhí aige ón tsraith Mrs Brown’s Boys, dúirt sé gurbh é an nóiméad ba mhó craic ná Agnes ar a scútar soghluaiste.
‘Tá rud éigin speisialta i ngach eipeasóid,’ a dúirt sé.

‘Tá an-spraoi agam mar Agnes Brown, agus is aoibhinn liom a teaghlach – agus a comharsana ar nós Winnie agus Birdy.’
Tá Mrs Brown’s Boys á thaifeadadh os comhair lucht féachana beo – rud a mheasann Brendan a bheith fíorthábhachtach don seó.
‘Go minic ag deireadh an chleachtaidh, deir ár Stiúrthóir Ben Kellett: ‘Níl uainn anois ach an lucht féachana’ – agus tá an ceart ar fad aige.
‘Leanann siad gach gluaiseacht, gach líne – agus cuireann siad an oiread sin leis an léiriú. Bheimis caillte gan iad.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.