Tugann réaltaí tacaíocht do bhua stairiúil Thiobraid Árann

21/07/2025

Bhí foireann Thiobraid Árann spreagtha ag cuimhneachán Dillon Quirke nach maireann; agus fuair siad tacaíocht ó go leor daoine cáiliúla agus iad ag ullmhú don fhilleadh mór abhaile inniu

Bhí roinnt daoine cáiliúla i bPáirc an Chrócaigh chun bua stairiúil Thiobraid Árann a fheiceáil, agus beidh níos mó acu i láthair i Staid Semple chun an bua a cheiliúradh.

Tá an t-athrú iontach a rinne bainisteoir Thiobraid Árann, Liam Cahill, críochnaithe anois agus bhain an ‘Premier County’ a 29ú craobh na hÉireann sa iománaíocht.

Bhuaigh Tiobraid Árann ar Chorcaigh trí smacht iomlán a fháil ar an gcluiche sa dara leath – rud a chuir iontas ar na tráchtairí a bhí ag tuar bua do Chorcaigh.

Bua mór Thoibrain Árainn
Bua mór Thoibrain Árainn

Scóráil John McGrath dhá chúl agus fuair Darragh McCarthy cúl eile ó chic éirice, agus níor éirigh le Corcaigh ach dhá phointe a fháil sa dara leath ar fad.

Dúirt Cahill, go mothálach, gur spreag cuimhneachán Dillon Quirke é féin agus na himreoirí. Fuair Quirke bás go tragóideach agus é ag imirt dá chlub Chluain Ultaigh–Ros Mór (Clonoulty-Rossmore).

Thug captaen Thiobraid Árann, Ronan Maher, an bua mar ómós do Quirke, a thit i laige ar pháirc Staid Semple le linn cluiche club. Bhí sé 24 bliain d’aois agus ba í Siondróm Bháis Tobanna Aosach (Sudden Adult Death Syndrome, SADS) ba chúis lena bhás.

Bhí lógó Fhondúireacht Dillon Quirke ar veist Cahill – fondúireacht a bunaíodh in ómós dó.

Dúirt Cahill: ‘Tá Dillon linn gach lá. Nuair a thosaíomar ar an turas seo in 2023, bhuail an tragóid uafásach sin muid go léir.

‘Bhí mé 50 slat uaidh an lá a tharla sé i Staid Semple, agus ní dhéanfaidh mé dearmad air go deo. Bhí tionchar ollmhór aige ar an seomra feistis.’

Rachel Blackmore agus Paul Mescal
Rachel Blackmore agus Paul Mescal

Dúirt sé freisin: ‘Fuair mé téacs ó Dan, a athair, ar an mbealach suas ag guí rath orainn.

‘Tá an oidhreacht atá sé ag fágáil agus an obair atá á déanamh aige chun beatha a shábháil ar fud na hÉireann, trína ainm agus an fhondúireacht, dochreidte ar fad.’

Bhí an scór deiridh 3-27 do Thiobraid Árann in aghaidh 1-18 do Chorcaigh – bua 15 pointe.

Bhí Corcaigh ag iarraidh deireadh a chur le tréimhse 20 bliain gan Craobh na hÉireann, ó bhuaigh siad go deireanach i 2005. Ba é an tréimhse is faide roimhe sin ná 16 bliana idir 1903 agus 1919.

I measc an tslua bhí an Rachael Blackmore agus an t-aisteoir Paul Mescal.

Dúirt Darragh McCarthy, a scóráil 1-14 do Thiobraid Árann: ‘Tá an ceann seo do na daoine go léir a raibh amhras orthu fúinn le linn na craoibhe seo. Níl focail agam – is pribhléid é seo, ní féidir liom é a chreidiúint.’

Bhí an lúthchleasaí Oilimpeach Sharlene Mawdsley i measc na gceiliúrthaí, ag tacú lena páirtí, cosantóir cúinne Thiobraid Árann, Michael Breen.

Choinnigh an contae a thaifead bródúil de Chraobh na hÉireann a bhuachan i ngach deich mbliana.

tipp win1

Beidh fáiltiú mór Thiobraid Árann ar siúl i Staid Semple ag tosú ag 4.30pm Dé Luain, agus táthar ag súil go mbeidh na himreoirí agus an fhoireann bainistíochta ar an ardán ó 7.30pm.

Cuirfidh an t-amhránaí áitiúil Una Healy (The Saturdays), an banna Seskin Lane, agus na greannaithe The Two Johnnies siamsaíocht ar fáil.

Beidh páirceáil ar fáil i nDurlas (Thurles) ag Coláiste TUS, Crokes Thurlas ar Bhóthar an Aonaigh (Nenagh Road), agus ag Staid na gCon.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram