

Rinne Rory McIlroy go maith ar a chéad lá ag an OPen, ach tá sé tagtha go Port Rois (Portrush) le mallacht (curse air).
Deir sé go bhfuil sé réidh chun bua a fháil arís ach tá cuimhne an méid a tharla i 2919 fós leis
Tar éis dó an Masters a bhuachan i mí Aibreáin, tá McIlroy – an dara himreoir is fearr ar domhan – tagtha go Port Rois leis an aidhm an Open a bhaint amach.

Dúirt sé go bhfuil sé arís ag mothú go maith faoina chluiche, go háirithe tar éis dó an dara háit a bhaint amach san Open Albanach.
‘Bhí sé deacair tar éis Augusta. Bhí mé ag streachailt le mo mhothúcháin agus le spreagadh,’ a dúirt sé.
‘Ach anois táim tagtha amach as sin. Táim ar bís faoin gcaoi atá mo chluiche ag dul agus sílim go bhfuil deis mhór agam anseo.’
Tá cuimhne ag McIlroy ar an gcaoi ar theip air in 2019, nuair a bhí an Open i bPort Rois don chéad uair ó 1951. Bhí an-luach curtha ag daoine air, ach dúirt sé nach raibh sé réidh meabhrach.
D’imir sé go dona ar an gcéad lá agus níor éirigh leis fanacht sa chomórtas.
‘Níor thuig mé an méid grá agus tacaíochta a bheadh le fáil anseo. Chuir sé brú orm,’ a dúirt McIlroy.
‘I mbliana, táim níos oscailte. Níl mé ag iarraidh éalú ón lucht tacaíochta – táim ag glacadh leis.’

Dúirt sé go raibh sé tábhachtach dó anois fanacht socair, fanacht dírithe, agus taitneamh a bhaint as an tseachtain.
‘Táim buíoch as an méid atá bainte amach agam, ach braithim go bhfuil níos mó fós le déanamh agam,’ a dúirt McIlroy.
‘Má imrím mo chluiche féin agus má choinním mo cheann fuar, beidh seans maith agam.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.