

Agus Éire ag fágáil an sean am ina diaidh – an fhearg agus easpa muiníne a bhain le smacht na Breataine, agus an laige a tháinig as rialú na hEaglaise – táimid, go paradacsúil, ag filleadh ar… an sean am.
Tá scríbhneoirí chomh héagsúil le Cecelia Ahern agus Manchán Magan tar éis dul i mbun iniúchta ar ár stair Phágánach, agus an nasc leis an gcultúr dúchais – rud a léirítear tríd an teanga agus an ceol gop minic.

Tá siad ag scríobh faoi chumhacht spioradálta an nádúir agus chumhacht leighis na toibreacha beannaithe. Ach tá a thuiscint phearsanta ag Manchán Magan anois nach iarsmaí stairiúla amháin iad.
Ag scríobh san Irish Daily Mail faoi shraith nua dhá chuid ar RTÉ, Listen to the Land Speak, nocht sé gur tháinig an taifeadadh i gcomhthráth le diagnóis ailse a fuair sé.
Mar sin, dó féin, bhí níos mó i gceist ná scéal faoi athnascadh leis an dúlra agus leis na sean-nósanna, bhí baint aige freisin le múscailt spioradálta agus dóchas i leigheas.
Dúirt sé: ‘Ní hiad seo iarsmaí. Is ionaid bheo urnaí agus tiomantais iad. Tá a spiorad féin ag gach tobar. Téann daoine chucu le guí, le caoineadh nó le cuimhneamh. Is cineál tairseach é gach ceann acu.’
Insíonn sé dúinn: ‘Rud a thosaigh mar cheiliúradh ar áiteanna, d’iompaigh sé, go pointe, ina scéal fúm féin agus faoi mo shláinte – agus na ceisteanna a eascraíonn as diagnóis thromchúiseach. Ach ar bhealach, is rud nádúrtha é sin. Ní sheachnaíonn an talamh pian ná críocha. Tá sí in ann spás a thabhairt do gach rud.’
Ach cé go ndéanann diagnóis Magan turas an-phearsanta den scéal seo dó féin, is scéal pobail é chomh maith, rud atá soiléir ó ráchairt a chuid leabhar agus léachtaí – agus fiú ó rath an úrscéil is déanaí le Cecelia Ahern, Into the Storm, ina gcuireann sí stair na ‘crann ragaí’ ó aimsir na bPágánach os ár gcomhair.
Tháinig an smaoineamh chuig Ahern agus í ag siúl i nGarraithe na Lus i mBaile Átha Cliath, áit ar tháinig sí ar chrann ragaí. San aimsir réamh-Chríostaí, meastaí go raibh cumhachtaí leighis ag an gcrann.
Labhraíonn Magan faoi Chlíodhna agus Áine – banlaochra a sheas don cheannasaíocht talún.
‘Ní carachtair i bhfinscéalta amháin iad seo. Tá luachanna agus léargais acu atá fós ábhartha dúinn,’ a dúirt sé.
Agus, ar ndóigh, ní linne na hÉireannaigh amháin atá an nasc sin leis an talamh. Agus é ag iarraidh tuiscint a fháil ar bhrí ár miotais agus ár scéalta féin, tháinig sé ar eolas go bhfuil próiseas cosúil le fáil i gcultúir eile.
Deir sé: ‘Bhíos ar an eolas faoi sin mar choincheap ó ‘songlines’ na hAstráile, ó léamh faoi sheandaoine Apacha i Nua-Mheicsiceo, agus ón obair atá á déanamh agam le seandaoine Cree in Edmonton agus leis an phobal Tsleil-Waututh i Vancouver, Ceanada.’
Mar sin, cé go bhfuil Magan ag caint faoi ‘chaillteanas comhchoiteann’, tá cuimhne chomhchoiteann ag teacht ar ais anois a bhuíochas le Magan agus daoine cosúil leis.

Deir sé: ‘Thosnaíomar ag déanamh neamhaird ar na toibreacha. Rinneamar dearúd gur adhradh na haibhneacha tráth mar bhandéithe, agus nach b’fhéidir féarach amháin a bhí sna portaigh, ach áiteanna cuimhne agus mistéire. Dhearmadamar conas éisteacht.’
B’fhéidir. Ach táimid ag éisteacht anois.
Tá Listen to the Land Speak, á chur i láthair ag Manchán Magan agus bunaithe ar a leabhar gradaim buaite. Thosaigh sé ar RTÉ agus leanfaidh ar an Déardaoin seo chugainn ag 10.10pm. Beidh sé ar fáil ar Sheinnteoir RTÉ ina dhiaidh sin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.