

Tá méadú faoi thrí tagtha ar ionfhabhtuithe an bhruitíneach (measles) le seacht mbliana anuas agus tá rabhadh tugtha ag saineolaithe go bhfuil saol leanaí i mbaol mura n-ardóidh Éire a rátaí vacsaínithe.
I 2024, tháinig 207 cás chun solais, i gcomparáid le 76 cás i 2018. Tá saineolaithe ag rá go bhfuil sláinte paistí i mbaol muna n-ardaítear rátaí vacsaínithe.

Labhair an tOllamh Luke O’Neill ó Choláiste na Tríonóide leis an Irish Daily Mail, agus dúirt sé go bhfuil daoine á gcur amú ag bolscaireacht (propaganda) frith-vacsaínithe ar líne.
Thug sé rabhadh go bhféadfadh Éire dul ar ais go dtí na 1950idí, nuair a bhí timpeall 8,500 cás den bhruitíneach gach bliain.
Fuair páiste óg bás i Learpholl an deireadh seachtaine seo caite, agus ceaptar go raibh an bhruitíneach air.
Léiríonn figiúirí ón Lárionad Faire um Chosaint Sláinte (Health Protection Surveillance Centre) an HSE go bhfuil an bhruitíneach ag scaipeadh arís.
Bhí sé beagnach imithe le linn na paindéime, ach ba é sin mar gheall ar na srianta a bhí i bhfeidhm.
Ag labhair faoin bhruitíneach dúirt an tOllamh O’Neill go bhféadfadh líon na gcásanna i 2025 dul thar 207, mar go bhfuil rátaí vacsaínithe fós íseal.
Dúirt sé: ‘Má leanann rudaí mar atá, beimid ar ais ag na 1950idí – páistí ag fáil bháis, páistí eile ag fulaingt go dona.
‘Is rogha tuismitheora é, ar ndóigh. Ní bhíonn vacsaíní éigeantach, ach má roghnaíonn tuismitheoir gan vacsaín a thabhairt dá bpáiste, tá baol ann – bás, tinneas trom, creathadh (shakes), pian uafásach. Sin an toradh.’
Meastar go bhfuil na meáin shóisialta ag cur isteach ar rátaí vacsaínithe le haghaidh an bhruitíneach.
Léiríonn sonraí ó HPSC gur thit an ráta vacsaínithe MMR (bruitíneach, leicneach, ruathar) do naíonáin ó 91.2% i 2018/2019 go 87.5% i 2021/2022. D’ardaigh sé go 89.8% i 2022/2023.
Dúirt an tOllamh O’Neill: ‘Cuireann na meáin shóisialta go mór leis an bhfadhb.
‘Tá sé nádúrtha go mbíonn tuismitheoirí buartha. Má fhaigheann tú naoi rud dearfacha agus rud amháin diúltach, díreoidh siad ar an rud diúltach – sin nádúr an duine.
‘Tá sé i bhfochair na dtuismitheoirí i gcónaí ar líne. Ní mór dúinn an fhaisnéis cheart a thabhairt – tá an vacsaín seo thar a bheith sábháilte agus tugann sé cosaint 99%.’
Thug an tOllamh Anne Moore ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, rabhadh freisin: ‘Ná bí ag brath ar Mary síos an bóthar ná ar na meáin shóisialta. Níl an t-eolas ceart acu. Labhair le do chógaiseoir, banaltra nó do dhochtúir – beidh an fhaisnéis cheart acu.’
Luaigh sí go bhfuil rochtain ar vacsaíní i gceist fosta, seachas na meáin shóisialta amháin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.