An bhfuair tú féin agus do leanaí an jab MMR? Tá an HSE ag ullmhú do ráig (outbreak) mhór den bhruitíneach (measles)

07/02/2024

Tá an tAire Sláinte Stephen Donnelly ag insint don Chomh-Aireacht (Cabinet) faoi na rioscaí nua a bhaineann leis an mBruitíneach (measles) atá an-tógálach (highly infectious)

Tabharfar le fios ag cruinniú d’Airí sinsearacha Rialtais inniu go bhfuil eagla go mbeidh éigeandáil bhruitíneach (measles) ar an mbealach.

Tá rabhadh tugtha ag  HSE (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte) do thuismitheoirí cheana féin a chinntiú go bhfuil a gcuid leanaí vacsaínitheleis an ‘MMR jab’ in aghaidh na bruitíní  (measles) mar go bhfuil ‘ardú suntasach ar chásanna sa Bhreatain agus san Eoraip.

Tá an bhruitíneach  (measles) an-tógálach (contagious) agus féadann cás amháin scaipeadh go dtí suas le 12 eile go han-éasca.
Tá an bhruitíneach  (measles) an-tógálach (contagious) agus féadann cás amháin scaipeadh go dtí suas le 12 eile go han-éasca.

Tá bearta nua á dtabhairt isteach ag an HSE chun déileáil le ráig (outbreak) den bhruitíneach (measles), agus tá an tAire Sláinte Stephen Donnelly ag tabhairt foláireamh (warning) don Chomh-aireacht (Cabinet) inniu go bhfuil méadú ollmhór ar an ngalar an-tógálach (highly infectious) ar tí tarlú.

Táthar ag súil go n-inseoidh sé dá chomhghleacaithe go bhfuil rátáil ard ar an dóchúlacht (probability) go scaipfidh an bhruitíneach in Éirinn tar éis measúnú tapa riosca ag an HSE an mhí seo caite.

San Eoraip, tá méadú ag teacht ar líon na gcásanna den bhruitíneach ó thús na bliana seo caite.

Diagnóisíodh breis agus 170 cás den bhruitíneach i Sasana i réigiún an Iarthair Láir (West Midlands) amháin, idir mí na Nollag 2023 agus lár mhí Eanáir 2024.

Anseo in Éirinn, leanann cásanna den bhruitíneach ó am go chéile a thuairisciú don HSE.

Ó 2020 i leith, tharla formhór na gcásanna a deimhníodh tar éis taisteal chuig tíortha ina raibh ráigeanna ar siúl.

Tá glacadh na vacsaíne MMR faoi bhun sprioc molta (below the recommended target) na hEagraíochta Domhanda Sláinte (World Health Organisation, WHO), de 95%. Go náisiúnta, bhí an glacadh faoi bhun 90% ar feadh seacht ráithe as a chéile.

Tá an tAire Sláinte Stephen Donnelly ag insint don Chomh-aireacht faoi na rioscaí nua a bhaineann leis an mBruitíneach (measles)
Tá an tAire Sláinte Stephen Donnelly ag insint don Chomh-aireacht faoi na rioscaí nua a bhaineann leis an mBruitíneach (measles)

Tá éagsúlachtaí suntasacha geografacha ann, le tógáil faoi bhun 80% i Lú agus sa Mhí, ach fós níl sé ach ag 94% i mBaile Átha Cliath Thiar Theas (Dublin Southwest).

Tá an bhruitíneach  (measles) an-tógálach (contagious) agus féadann cás amháin scaipeadh go dtí suas le dháréag (12) eile go han-éasca.

Chomh maith leis sin bíonn daoine tógálach ar feadh roinnt laethanta sula mbriseann siad amach le gríos (rash).

Chun an bhruitíneach  (measles) a stopadh ó leathadh (spreading), ba chóir a chinntiú go bhfuil an vacsaín MMR is déanaí ag leanaí, a chosnaíonn (prevents) ar leicneach (mumps) agus ar bhruitíneach dhearg (rubella, red measles) freisin.

I measc na gcomharthaí (symptoms) don bhruitíneach tá fiabhras ard (fever), casacht, srón rite agus gríos (rash).

Moltar d’aon duine a fhaigheann na comharthaí sin, nó a bhí i dteagmháil le duine ar a bhfuil an bhruitíneach, fanacht sa bhaile agus dul i dteagmháil lena ndochtúir.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

LÉIGH NÍOS MÓ: SLÁINTE

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram