

Cé go maíonn naonúr as gach deichniúr go bhfuil a litearthacht airgeadais ‘meánach’ nó ‘ard’, ní raibh ach níos mó ná 40% in ann ceist shimplí ar leibhéal an Teastais Shóisearaigh faoi bhoilsciú a fhreagairt i gceart.
Léiríonn taighde nua ó PTSB bearna mhór idir muinín dhaoine faoina gcumas airgeadais agus an réaltacht atá rompu.
Dúradh sa suirbhé, a chlúdaigh 1,000 duine, go raibh níos mó ná leath (58%) in ann a aithint go laghdaíonn boilsciú ard cumas ceannaithe an duine.

Ach cheap 27% go raibh sé dearfach, 10% nach raibh aon tionchar aige, agus 5% gur fhág sé a gcuid airgeadas níos cobhsaí — léiriú soiléir ar an mearbhall.
Baineadh geit as na taighdeoirí freisin nuair nach raibh ach duine as gach cúigear in ann tionchar Cáin Choimeádta ar Ús Taisce (DIRT) a ríomh i gceart ar choigilteas.
Gearrtar DIRT ag ráta 33% ar ús i dtaiscí bainc in Éirinn, agus déantar an cháin a bhaint go huathoibríoch sula n-íocann an banc an t-ús.
Ní bhíonn mórán daoine ar an eolas go gcaithfear DIRT a íoc freisin ar choigilteas i gcuntais thar lear, agus go gcaithfear é sin a dhearbhú leis an Stát.
Dúirt Leontia Fannin ó PTSB: ‘Léiríonn na torthaí gur gá tacaíocht oideachais a chur ar fáil chun litearthacht airgeadais a fheabhsú, rud atá riachtanach chun athléimneacht (resilience) airgeadais, cuimsiú sóisialta agus cosaint i gcoinne calaoise airgeadais a chinntiú.’
Léirigh an suirbhé gur beagán daoine (níos lú ná 10%) a admhaíonn go bhfuil a litearthacht íseal.
Ach is iadsan is lú muiníne, agus is minic a bhíonn siad míshásta lena staid agus míchompordach ag caint faoi airgead lena dteaghlach nó lena gcairde.
De réir na bhfreagróirí, tá náire faoi airgeadas ina bhac mór ar dhaoine eolas a lorg — dúirt ceathrar as gach deichniúr go bhfuil náire faoi chúrsaí airgeadais ina chonstaic mhór ar thuiscint níos fearr a bhaint amach.
Dúirt Claire Cogan, eolaithe iompraíochta le BehaviourWise: ‘Tugann litearthacht mhaith sláinte níos fearr — rud ríthábhachtach dár bhfolláine iomlán.
‘Tugann sé athléimneacht dúinn le dul i ngleic le tréimhsí deacra, agus cabhraíonn sé linn bheith airdeallach ar chalaois agus droch-chleachtais.
‘Agus ag leibhéal sochaí, dá mhó líon na ndaoine le scileanna maithe, is ea is cuimsithí atá ár gcóras airgeadais.’
Ar an taobh dearfach, dúirt beagnach leath de na rannpháirtithe go raibh an teicneolaíocht — lena n-áirítear AI — tar éis cuidiú leo a dtuiscint ar tháillí, táirgí agus nósanna caiteachais pearsanta a fheabhsú.
Bhí an tionchar sin is mó le feiceáil i measc daoine óga — dúirt 57% de dhaoine idir 18 agus 24 bliain d’aois go raibh an teicneolaíocht ina buntáiste mór dóibh.
Mar sin féin, is iad na daoine os cionn 55 bliain d’aois is lú a d’úsáid teicneolaíocht chun tuiscint níos fearr ar a gcuid airgid a fháil.
Dúirt Fannin: ‘Tá deis ann do dhaoine uirlisí digiteacha a úsáid mar thaca sa bhuiséadú.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.