

Tá Seán Doherty, iar-chaptaen fhoireann peile Bhaile Átha Cliath, agus buaiteoir bonn Chraobh na hÉireann, tar éis bháis a fháil ag aois 78 tar éis tinnis ghearr.
Bhí sé mar bhall d’fhoireann cháiliúil Bhaile Átha Cliath sna 1970idí a shroich cúig chluiche ceannais i ndiaidh a chéile idir 1974 agus 1978.

Thugtaí ‘An Doc’ ar Doherty, agus cé gur rugadh é i nGleann Fhaidhle, Cill Mhantáin, (Glenealy, Co Wicklow), d’fhás sé aníos i nDroichead na Dothra (Ballsbridge), Baile Átha Cliath.
Tháinig cáil air i ndeisceart na cathrach le Baile Buadáin Naomh Éanna (Ballyboden St Enda’s) sular imir sé ina chéad chluiche idirchontae i 1969.
I 1973, cúpla bliain ina dhiaidh sin, ceapadh Doherty mar chaptaen ar Bhaile Átha Cliath nuair a d’fhill Kevin Heffernan mar bhainisteoir.
Bhí meas ag Heffernan ar a chroíúlacht agus a dhiongbháilteacht mar lánchúlaí.
Ba é Doherty a threoraigh na Dubs sa chluiche ceannais i 1974 nuair a bhuadar ar Ghaillimh le 0-14 in aghaidh 1-6 os comhair breis is 70,000 duine i bPáirc an Chrócaigh.
Tháinig Baile Átha Cliath ar ais sa chluiche sin tar éis do Phaddy Cullen cic éirice (penalty) ó Liam Sammon a shábháil, agus choinnigh Doherty Gaillimh ar dhá phointe sa dara leath sular ardaigh sé Corn Sam Mhic Uidhir (Sam Maguire) ar chéimeanna Hogan.
I 1975, bhí sé ina chaptaen arís i gcoinne Chiarraí, áit ar chuir sé Mickey Ned Ó Súilleabháin, captaen Chiarraí, as an gcluiche le dúshlán crua.
Níor leor é sin, áfach, agus bhuaigh Ciarraí 2-12 in aghaidh 0-11, le Pat Spillane ag ardú an chorn in áit Ó Súilleabháin a cuireadh chuig an ospidéal.
D’éirigh Doherty as man chaptaen ina dhiaidh sin, le Tony Hanahoe ag teacht isteach, ach d’fhan sé mar bhall den phainéal go dtí 1979, sular éirigh sé as peil idirchontae i 1980.

Ba phluiméir de réir ceirde é agus bhí teach tábhairne aige i tSruth na Carraige (Rockbrook) ag bun Shléibhte Bhaile Átha Cliath.
D’imir sé ról bainistíochta freisin le Cumann Naomh Áine i mBaile Átha Cliath agus Emmet Bhré (Bray Emmets) i gCill Mhantáin, agus threoraigh sé an dá chlub go cluichí ceannais contae.
I mí Aibreáin, ghlac sé páirt i dturas dhá lá go Ciarraí, áit ar cheiliúraigh imreoirí ó Chiarraí agus ó Bhaile Átha Cliath comóradh 50 bliain ar a n-iomaíocht cháiliúil sna 1970idí.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.