Tour de France beo ar TG4 le beirt Éireannaigh

04/07/2025

Aníos as na sléibhte, anuas ó na gleannta, seo chugainn an Tour de France ar TG4 le beirt as Éirinn, ach ní bheidh Sam Bennett ann

Beidh an Tour de France beo ar TG4 arís i mbliana agus beidh beirt rothaithe Éireannacha ag glacadh páirte.

Beidh Eddie Dunbar ag déanamh a chéad iarracht sa rás, agus Ben Healy ag filleadh dá dhara Tour.

Eddie Dunbar Pic: ©INPHO/Ryan Byrne

Eddie Dunbar Pic: ©INPHO/Ryan Byrne

Mar sin féin, ní fhillfidh ár laoch rothaíochta is déanaí, Sam Bennett i mbliana. Níor ainmníodh é d’fhoireann Decathlon AG2R La Mondiale don rás trí seachtaine.

Roghnaigh Foireann Jayco Dunbar, agus beidh Healy lena fhoireann EF Education-EasyPost.

Cuirfear tús leis Dé Sathairn an 5 Iúil le lúb 184km a thosóidh agus a chríochnóidh in Lille Métropole, agus cuirfear clabhsúr ar an gcomórtas Dé Domhnaigh an 27 Iúil.

Tabharfar ar ais an chéim dheireanach mór le rá ar an Champs-Élysées i bPáras, céim nach raibh ann anuraidh de bharr go raibh Cluichí Oilimpeacha ar siúl.

Is turas ar leith a bheidh i dturas na bliana seo de bharr go mbeidh an comórtas ar fad ar siúl sa Fhrainc, rud nach bhfuil tarlaithe ón mbliain 2020.

Ar feadh na 21 chéim, ar TG4, tabharfaidh na rothaithe faoi chineálacha éagsúla tír-raonta: 7 gcéim réidh, 6 chéim sna cnoic, 6 chéim sna sléibhte (lena n-áirítear chúig cinn de na céimeanna ag críochnú ar bharr sléibhe), agus 2 thriail ama, le dhá lá sosa ar an mbealach.

Mar chuid de chlúdach cuimsitheach TG4, craolfar gach céim beo ar chainéal líneach TG4, ar Sheinnteoir TG4, agus ar Aip TG4, agus is iad Páidí Ó Lionáird agus Pádraic Ó Cuinn a bheidh i mbun na tráchtaireachta arís i mbliana.

 Pádraic Ó Cuinn agus Páidí Ó Lionáird le TG4
 Pádraic Ó Cuinn agus Páidí Ó Lionáird le TG4

Treoróidh an bheirt an lucht féachana trí gach casadh agus lúbadh, trí gach ard agus ráib an peloton agus é ag tabhairt faoi cheantair thuaithe, cathracha, ceantair le cósta agus beanna Alpacha na Fraince.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram