Ómós do réalta Learphoill Diogo Jota tar éis timpiste thragóideach

Tá muintir pheile faoi bhrón mar gheall ar bhásanna tragóideacha Diogo Jota, réalta Learphoill, agus a dhearthár Andre Silva i dtimpiste bhóthair sa Spáinn.

Tá ómós á thabhairt don bheirt imreoir Diogo Jota, a d’imir do Learpholl agus don Phortaingéil, agus Andre Silva, a bhí le Penafiel sa Phortaingéil.

Dheimhnigh údaráis áitiúla gur chuaigh a gcarr den bhóthar ar an A-52 i gCúige Zamora ag 00:30 (11.30pm in Éirinn), agus gur tharla pléascadh ina dhiaidh sin.

Diogo Jota
Diogo Jota

Dúirt Cristiano Ronaldo: ‘Mo chomhbhrón ó chroí lena gclann, lena bhean chéile agus a bpáistí. Beidh siad i mo chuideachta i gcónaí. Codladh sámh, Diogo agus Andre. Braithfimid uainn sibh.’

Dúirt Club Peile Learphoill go bhfuil foireann agus imreoirí ‘scriosta’ ag an scéal, agus d’iarr siad príobháideacht do mhuintir Jota agus Silva agus iad ag déileáil leis an gcaillteanas uafásach seo.

Phós Jota le Rute Cardoso le déanaí i gcathair Porto, agus bhí triúr páiste acu. Bhí sé 28 bliain d’aois agus bhí Andre 25.

D’fhógair UEFA go mbeidh nóiméad ciúnais ag gach cluiche de Chraobh na mBan san Eoraip, san Eilvéis, lena n-áirítear cluiche na Portaingéile in aghaidh na Spáinne.

Tháinig Jota go Learpholl ó Wolves i 2020 ar €52 milliún. Bhuaigh sé Corn FA, Corn Carabao, agus an Premier League i séasúr 2024–25, ag scóráil 9 gcúl. Ba é a chúl deireanach buaiteoir an derby i gcoinne Everton ar 2 Aibreán.

Thosaigh sé a shlí bheatha le Paços de Ferreira, agus d’imir sé le Porto, Wolves agus an Phortaingéil, ag scóráil 14 gcúl i 49 cluiche idirnáisiúnta.

Bhuaigh sé an Nations League i 2019 agus 2025, agus ba é an bua i gcoinne na Spáinne i gcluiche ceannais 2025 a chluiche deireanach.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram