Fáilte ar ais, a Réics: Sraith faoi Chathal Ó Sándair ar RnaG

01/07/2025

Díoladh thart ar 500,000 cóip do shaothair Cathal Ó Sándair agus é ag scríobh faoi Réics Carló, agus tá a scéal féin le cloisteáil ar RnaG

Fada sula raibh Indiana Jones ag ionsaí airceanna caillte agus ag bualadh a fhuipe, bhí Réics Carló ag troid i gcoinne na n-éagórach agus ag cur geach rud in ord agus in eagar do dhaoine maithe.

Réics ag teacht isteach
Réics ag teacht isteach

Ba é Réics an laoch diana agus iontaofa a tháinig chun cinn as scéalta Cathal Ó Sándair, scríbhneoir a bhí mar Netflix dá linn.

Foilsíodh a chuid leabhar faoi Réics ar dtús sa seanchló Gaelach ach tá an chuid is mó díobh nuashonraithe faoin am seo.

Go deimhin, tá scéal Ó Sándair féin chomh suimiúil le haon cheann a chum sé do Réics.

Agus tá sraith nua faisnéise faoin údar agus Réics, a thosaigh, Dé Máirt, ar an 2 Iúil ag 1.30i.n.

Sa tsraith inseofar scéal an údair cháiliúil a scríobh os cionn 160 leabhar Gaeilge do dhaoine óga i lár an fichiú haois, faoin bhleachtaire Réics, duine de na carachtair liteartha ab iomráití i litríocht Ghaeilge na n-óg.

Bhí Ó Sándair ar dhuine de na scríbhneoirí Gaeilge ba thorthúla dá raibh ann.

cathal 1

San iomlán, díoladh thart ar 500,000 cóip dá shaothair, líon nach bhfuil sáraithe ag aon scríbhneoir Gaeilge eile. Meastar gur scríobh sé thart ar 160 leabhar, agus níor foilsíodh cuid acu.

Tabharfar léargas úrnua sa tsraith seo ar a shaol, a shaothar agus an oidhreacht luachmhar a d’fhág sé ina dhiaidh.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram