Imscrúdú ar Bob Vylan as a dtacaíocht don Phalaistín i nGlastonbury, cé hiad?

Tháinig an banna Bob Vylan chun cinn mar gheall ar fhiosrú orthu tar éis Glastonbury – ach tá siad ann le fada an lá agus ag caint faoi cheartas sóisialta agus faoin bPalaistín ó thosaigh siad i 2017

Tá póilíní sa Bhreatain ag fiosrú taifead a tógadh le linn léiriú Bob Vylan ag féile Glastonbury. Dúirt an príomhamhránaí ar an ardán: ‘Bás don IDF’, agus ba chúis le conspóid mhór é. Baineadh an taifead ó shuíomh BBC i ndiaidh an imeachta, agus tá póilíní ag scrúdú an ndearnadh aon choir.

Is banna ceoil beirte é Bob Vylan – Bobby Vylan, an príomhamhránaí agus drumadóir Bobbie Vylan.

Bob Vylan ag Glastonbury
Bob Vylan ag Glastonbury

Níor nochtaigh siad a bhfíorainmneacha, mar is mian leo a bpríobháideachas a chosaint.

Thosaigh siad in Ipswich sa bhliain 2017 agus meascán de phunc, rap agus rac crua atá ina gceol.

Tá trí albam eisithe acu: We Live Here (2020), Bob Vylan Presents The Price Of Life (2022), agus Humble As The Sun (2023).

Bhuaigh siad gradaim móra mar an gníomh malartach is fearr ag na MOBOs agus an t-albam is fearr ag Gradaim Kerrang i 2022.

Pléann a gcuid amhrán le hábhair mhóra shóisialta cosúil le ciníochas, homafóibe, fearúlachttocsaineach (toxic masculinity), agus polaitíocht antoisceach.

Deir Bobby go minic roimh an amhrán Pretty Songs: ‘Is é an foréigean an t-aon teanga a thuigeann roinnt daoine.’

Tá siad gníomhach ó thaobh cearta na bPalaistíneach, agus bhí Bobby ag a chéad agóid as son an Phalaistín agus é in aois 15.

Rinne siad cáineadh ar ealaíontóirí eile ar chlé nár thaispeáin tacaíocht phoiblí don Phalaistín.

Le linn a seó ag Glastonbury, bhí ráitis pholaitiúla le feiceáil ar scáileán taobh thiar díobh, lena n-áirítear ceann a mhaígh gur ‘cinedhíothú’, atá i ngníomhartha Iosrael i nGaza.

Chuir an seó fearg ar dhaoine áirithe, agus tháinig cáineadh ó eagraíochtaí, polaiteoirí agus fiú ó lucht eagraithe na féile féin.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram