

Bíonn Dáithí Ó Sé, láithreoir TG4 agus RTÉ, gnóthach i gcónaí, ach déanann sé cinnte go mbíonn am aige dá bhean chéile Rita Talty agus dá mhac amháin, Micheál Óg – nó ‘Ógie’ mar a thugann siad air le grá.
Bhí Rita ina Rós ag Féile an Rós Thrá Lí i 2008, ag déanamh ionadaíochta ar New Jersey. Gach samhradh, tugann sí Ógie ar ais go dtí Meiriceá ar cuairt, ach de ghnáth ní bhíonn Dáithí Ó Sé in ann dul leo de bharr a chuid oibre.
Mar sin, chun a chinntiú go gcaitheann sé am speisialta lena mhac, chuir Dáithí Ó Sé tús le traidisiún de ‘boys’ trip’ go dtí an Phortaingéil.

Chuaigh an bheirt acu ansin le déanaí don dara bliain as a chéile.
‘Téann Rita agus Ógie go New Jersey gach samhradh, agus ní bhím ábalta dul leo, mar sin chuaigh mise agus Ógie go dtí an Phortaingéil don deireadh seachtaine, díreach sinne beirt,’ a dúirt Dáithí Ó Sé le RSVP.
‘Thosaíomar é anuraidh agus tá sé ar siúl arís i mbliana. Tá sé iontach am a chaitheamh le chéile – tógann sé ceangal láidir eadrainn.’
Dúirt Rita gur cosúil le chéile iad Dáithí Ó Sé agus Ógie, go háirithe ó thaobh pearsantachta de.
‘Is buachaill sona, dearfach é – díreach cosúil lena dhaid,’ a dúirt sí, ag míniú go bhfuil suim ag Ógie sa GAA, ceol, sacar agus cispheil.
‘Tá siad beirt an-chairdiúil, ach ní maith leo a bheith i lár an aonaigh,’ a dúirt sí.
Dúirt Rita freisin gur breá leo am a chaitheamh mar theaghlach, agus go mbíonn siad go minic ag dul chuig cluichí le chéile.
‘Is é an rud is rómánsúila dhéanann Dáithí Ó Sé ná mé a thabhairt go cluichí Chiarraí gach deireadh seachtaine – is breá liom é. Sin ár n-am clainne le hÓgie.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.