

Tá eagla idirnáisiúnta anois roimh chogadh ollmhór le méadú ar ghníomhaíocht mhíleata ó fhórsaí as Meiriceá in aice leis an Iaráin.
Bhí Donald Trump réidh le bheith páirteach in ionsaithe Iosrael ar an Iaráin agus é ag éileamh ‘géilleadh gan choinníoll’ ó Tehran.
Bhí Uachtarán na Stát Aontaithe fiú ag rá go bhféadfadh siad an Ayatollah Khamenei – ceannaire na hIaráine – a fheallmharú, ach dúirt sé go bhfuil an ‘easy target’ sábháilte ‘faoi láthair’.
Tá Meiriceá ag cur armada long chogaidh agus cabhlaigh scairdeitleántrodaire (fighter jets) le chéile sa réigiún roimh ghníomhaíocht mhíleata fhéideartha.

Agus tá rialtas Trump fiú ag ullmhú chun ionsaithe a dhéanamh ar an Iaráin, de réir eolas ag teacht ó chruinniú Chomhairle Slándála Náisiúnta, sa dTeach Bán oíche Dé Máirt.
Tá 224 duine ar a laghad maraithe ag fórsaí armtha Iosrael ó rinne siad ionsaí gan chúis ar an Iaráin an tseachtain seo caite.
Cé go dúirt rialtas Iosrael go raibh siad ag iarraidh cosc a chur ar airm núicléacha, rinne siad ionsaí ar limistéir mhóra de Tehran agus ar limistéir eile ina raibh daoine neamhchiontacha ina gcónaí.
Bhí na 10 milliún duine a chónaíonn i Tehran gan chosaint arís oíche Dé Máirt agus scairdeitleáin Iosraelacha réidh le hionsaí a dhéanamh arís.
Deir siad anois go bhfuil siad chun ionsaithe a dhéanamh ar áiteanna atá líonraí cumarsáide agus bainc na hIaráine. Tá stáisiún teilifíse ionsaithe acu cheana féin.
I sraith postálacha ar na meáin shóisialta, is cosúil gur cheangail an tUasal Trump Meiriceá le hIosrael.
Dúirt sé: Tá ‘ceannas aeir againn’ agus ‘tá a fhios againn’ cá bhfuil an Ceannaire Uachtarach (Supreme Leader), ráitis a thug le fios go bhfuil Iosrael agus Meiriceá ag gníomhú le chéile.
Agus dheimhnigh ceannairí idirnáisiúnta go bhféadfadh ionsaí Mheiriceá i gcoinne na hIaráine tarlú go luath.
Dúirt Seansailéir na Gearmáine, Friedrich Merz, go bhféadfadh gluaiseacht a bheith ar tí tarlú.
D’fhág an tUasal Trump cruinniú mullaigh G7 i gCeanada go tobann oíche Dé Luain.
Dúirt sé le tuairisceoirí ar bord Air Force One go raibh sé ag lorg ‘géilleadh iomlán’ ón Iaráin, agus dúirt sé nach bhfuil sé ‘i ngiúmar mór le dul i mbun caibidlíochta’ agus go bhfuil sé ag obair chun rud éigin ‘níos mó ná sos cogaidh’ a fháil.
Idir an dá linn, thug Yechiel Leiter, ambasadóir Iosrael go Meiriceá, rabhadh imníoch agus thagair sé d’ionsaithe sceimhlitheoireachta Iosrael sa Liobáin i mí Mheán Fómhair seo caite, nuair a úsáideadh gléasanna pléascacha sofaisticiúla chun 32 duine a mharú, beirt pháiste ina measc, agus na mílte eile a ghortú.
Thug Iosrael agus a lucht tacaíochta údar leis na maruithe trí rá go raibh cuid de na daoine a maraíodh ina mbaill de Hezbollah.
Ag tagairt do na maruithe, dúirt an tUasal Leiter go maslach: ‘Tá roinnt iontas curtha i gcrích againn. Feicfidh sibh roinnt rudaí oíche Déardaoin agus Dé hAoine.’
Tá Iosrael tar éis a rá le daoine i Tehran bogadh amach as ceantair áirithe cheana féin –mar atá siad ag déanamh i nGaza, áit ar mharaigh siad níos mó ná 55,000 duine, an chuid is mó díobh mná agus páistí.
Agus oíche Dé Máirt bhí na mórbhealaí ón bpríomhchathair plódaithe le teaghlaigh ag iarraidh éalú roimh an gcéad ionsaí eile.
Ach ní raibh sé soiléir cá raibh na milliúin cónaitheoirí ceaptha dul tar éis an Uachtaráin Trump a rá leo imeacht.
Bhí aon ionsaithe ag na Stáit Aontaithe ar an Iaráin curtha as an áireamh ag an Uasal Trump roimhe seo ach dúirt sé Dé Máirt: ‘Tá smacht iomlán againn anois ar spéartha na hIaráine.
‘Bhí trealamh cosanta ag an Iaráin, agus neart de, ach níl sé inchomparáide le rudaí déanta, ceaptha agus monaraithe i Meiriceá.’

Dúirt sé: ‘Tá a fhios againn go díreach cá bhfuil an Ceannaire Uachtarach (Suapreme Leader) mar a thugtar air [Ayatollah Khamenei] i bhfolach.
‘Is “easy target” é, ach tá sé sábháilte ar feadh tamaill. Nílimid chun é a thógáil amach (a mharú!), ar a laghad ní go fóill.’ Ach nílimid ag iarraidh diúracáin a bheith scaoilte ar shibhialtaigh, ná ar shaighdiúirí Meiriceánacha.
‘Tá ár bhfoighne ag dul i laghad. Go raibh maith agaibh as bhur n-aird ar an ábhar seo.’
I bpost eile, i litreacha móra, d’éiligh sé: ‘GÉILLEADH GAN CHOINNÍOLL.’
Tuigeadh go raibh an tUachtarán Trump agus príomh-aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, ag caint ar an teileafón oíche Dé Máirt.
Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.