CLG, ag lorg SAM! Na cluichí, na hamanna is na háiteanna an deireadh seachtaine seo

16/06/2025

Seachnóidh Baile Átha Cliath agus Ciarraí a chéile agus cluichí móra an CLG i gCraobh na hÉireann socraithe. Seo hiad na cluichí, na hamanna agus na háiteanna a mbeidh na cluichí ar siúl an deireadh seachtaine seo

Tá cluichí an CLG don cheathrú ceannais réamhchéime (preliminary) sa Pheil Sinsearach i gCraobh na hÉireann eagraithe anois agus tá ealas faoi na hamanna agus na háiteanna a mbeidh na cluichí ar siúl ar fáil anseo.

Agus tá eolas anseo freisin faoi na cluichí leathcheannais Chorn Tailteann CLG agus an iomáint ag an deireadh seachtain.

Sheachain Baile Átha Cliath agus Ciarraí imirt a chéile – cé gur beag nár tharla sé.

kerry6 derry david cliff
Christopher McKaigue as Doire, nár éirigh leo, i gcoinne David Clifford as Ciarraí a imreoidh i gcoinne an Chabháin ag Staid a’ Ghearaltaigh (Fitzgerald Stadium), Dé Sathairn, 3.30pm. Pictiúr: Brendan Moran/Sportsfile

Beidh na ceithre fhoireann sa dara háit, ó na babhtaí grúpa ar Chraobh na hÉireann an CLG, ag imirt sa bhaile i gcoinne na gceithre fhoireann sa tríú háit.

Mar sin féin, theastaigh uathu nach mbeadh cluichí ceannais cúige ann arís agus, nuair ab fhéidir, nach mbeadh cluichí ó chéim na ngrúpaí ann.

Tarraingíodh Baile Átha Cliath amach le himirt i gcoinne an Chabháin, ach cé go raibh an cluiche sin ceart go leor, d’fhágfadh sé Ciarraí ag imirt i gcoinne Chorcaí.

D’imir siad i gcoinne a chéile i gcluiche ceannais na Mumhan agus ní fhéadfaidís imirt i gcoinne a chéile arís.

Mar sin bhí tarraingt eile ann –  agus bheadh ​​ar Bhaile Átha Cliath imirt i gcoinne Chiarraí nó Chorcaí.

Mar sin chuaigh an liathróid ar ais isteach agus an uair seo is é Baile Átha Cliath v Corcaigh a bhí ann.

Agus imreoidh Ciarraí i gcoinne an Chabháin.

Na foirne CLG a tháinig sa dara háit ná: Baile Átha Cliath, Dún na nGall, An Dún agus Ciarraí.

Pádraigh Joyce, bainisteoir le Gaillimh a mbeidh ag imirt in aghaidh An Dún sna cluichí CLG
Pádraigh Joyce, bainisteoir le Gaillimh a mbeidh ag imirt in aghaidh An Dún sna cluichí CLG

Agus na foirne CLG a tháinig sa tríú háit ná: An Cabhán, Corcaigh, Gaillimh agus Lú.

Is iad Tír Eoghain, An Mhí, Muineachán agus Ard Mhacha buaiteoirí an ghrúpa atá tríd go dtí na cluichí ceathrú ceannais cheana féin, agus imreoidh siad buaiteoirí na gceithre chluiche an deireadh seachtaine seo.

Seo a tharlóidh ag an deireadh seachtaine

CLG: Craobhchomórtas Peile Sinsearach na hÉireann, cluichí ceathrú ceannais réamhchéime (preliminary)

Dé Sathairn, 21 Meitheamh

Ciarraí v An Cabhán, Staid a’ Ghearaltaigh (Fitzgerald Stadium), 3.30pm

Baile Átha Cliath v Corcaigh, Páirc an Chrócaigh, 6.15pm

Dé Domhnaigh, 22 Meitheamh

An Dún v Gaillimh, Páirc Esler, 1.45pm

Dún na nGall v An Lú, Páirc Mhic Chumhaill, 4pm

Cluichí leathcheannais Chorn Tailteann

Dé Domhnaigh, 22 Meitheamh

Cill Mhantáin v Luimneach, Páirc an Chrócaigh, 2pm

Cill Dara v Fear Manach, Páirc an Chrócaigh, 4pm

Cluichí ceathrú ceannais Craobhchomórtas Iomána Sinsearach na hÉireann

Dé Sathairn, 21 Meitheamh

Luimneach v Baile Átha Cliath, Páirc an Chrócaigh, 4pm

Gaillimh v Tiobraid Árann, Páirc na nGael (Gaelic Grounds), 6.15pm


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram