

Caithfidh go bhfuil fadhb an téimh dhomhanda níos measa ná mar a cheapamar – tá deireadh ag teacht le Ros na Rún don samhradh agus tá sé ag cur báisteach.
Ar aon nós tá sé in am dúinn an remote a chaitheamh so choirnéal agus dul amach faoin … bhuel faoin na scamaill dhorcha.

Tá Ros na Rún imithe ach beidh sé ar ais i lár mí meán fómhar, cé go raibh seans nach mbeadh mar gheall ar iompar náireach Ghearóid. An cheist atá ann ná: Ar shábháil Mo an sráidbhaile ó scrios toisc go raibh sí airdeallach faoi Ghearóid?
Chuir sí stop le Gearóid agus é chun a fear céile a mharú an tseachtain seo caite, mar sin féin tá an lámh in uachtar ag Gearóid agus mion sonraí faoi dhúnmharú Frances aige. An gcoinneoidh sé an rún nó an scaipfidh sé a chuid oilc agus éad?
Ceist eile faoi Ros na Rún, ar ndóigh, ná: An bhfuil Risteard chun an baile a iompú bunoscionn nó dochar a dhéanamh?
Chomh maith leis sin tá Cora ag déanamh sár jab ag coinneáil aird amach óna cuid scéiméireacht féin, tá sí den tuairim go bhfuil Sonny tar éis glacadh léi agus iad ag ligeann orthu féin go bhfuil siad go mór i ngrá.
Ros na Rún ar TG4 anocht ag 8.30pm, Ollchlár Dé Domhnaigh ag 7.30pm
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.