

Fuarthas éadaí agus blúirí cnámh le linn cuardaigh úrnua ar Madeleine McCann, de réir tuairiscí.
Deir na tuairiscí nach bhfuil siad cinnte an bhfuil baint ar bith ag na héadaí agus na blúirí cnámh le himeacht Madeleine.
Mar sin féin, thug an fhorbairt nua roinnt dóchais go bhféadfaidh na póilíní a fháil amach cad a tharla di.

Tuairiscíodh roimhe seo gur fhág bleachtairí an láthair in aice le Praia da Luz an tseachtain seo caite agus go raibh díomá orthu mar nár aimsigh siad aon fhianaise tar éis dóibh cuardach a dhéanamh ar feadh trí lá.
Ach deir tuairiscí ón nGearmáin go bhfuil súil ag oifigigh go bhféadfadh bailiúchán blúirí beaga a fuarthas le linn a dtochailte a bheith ina fhianaise nua sa chás.
Rinne siad tuairimíocht go bhféadfadh baint a bheith acu le Brueckner.
‘Is cosúil gur aimsíodh roinnt rudaí, atá á scrúdú níos mine anois ag na póilíní sa tsaotharlann,’ a dúirt an tuarascáil sa Mirror.
‘Tuairiscíonn na meáin Phortaingéalacha gur aimsíodh smionagar éadaí agus cnámha, i measc rudaí eile,’ a dúirt sé.
‘Níl trácht oifigiúil déanta ag na himscrúdaitheoirí ar cibé an bhféadfadh baint ar bith a bheith acu le himeacht Madeleine ach is léir gurb é sin a ndóchas.’
Bhí an cuardach nua do chorp Madeleine McCann sa Phortaingéil, agus bhí sé á dhéanamh le tacaíocht ó phóilíní na Gearmáine atá ag fiosrú an phríomh-amhrastaigh (prime suspect).
Bhí talamh in aice le sean-theach an phríomh-amhrastaigh Christian Bruecknerá chuardach.
Tá sé in aice, freisin, leis an ionad sa Phortaingéil inar imigh Madeleine, a bhí trí bliana d’aois, ar an 3 Bealtaine, 2007.
Tá Brueckner, atá 48 bliain d’aois, i bpríosún sa Ghearmáin áit a bhfuil seacht mbliana á gcur isteach aige as éigniú.
Rinne póilíní na Gearmáine an t-iarratas ar chuardach eile chorp Madeleine.
Níl sé soiléir an bhfuil siad ag gníomhú ar bhonn faisnéise nua ach dúirt foinse Phortaingéalach a bhfuil eolas maith aici: ‘Déanfar an cuardach ar 21 píosa talún faoi úinéireacht phríobháideach nach bhfuil fál timpeall orthu i gcásanna áirithe.

‘Déanfar cuardach ar thoibreacha (wells), ar fhothracha (ruins) agus ar umair stórála uisce.’
Tá an cuardach ar mhaoin idir Praia da Luz agus teachín ar cíos ar imeall an bhaile saoire inar chónaigh Brueckner ar feadh roinnt blianta roimh 2007.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.