

Tá imní mhór ann fós faoi chumas an Rialtais an oiread Gardaí agus is gá a earcú chun ár mbailte agus ár gcathracha a choinneáil slán.
Rinne 6,381 duine iarratas le bheith ina nGardaí faoin gcomórtas earcaíochta le déanaí, a seoladh i mí Feabhra, de réir publicjobs.ie.

Agus níl ach deich mí ann ó tharla an feachtas earcaíochta deireanach do Ghardaí, a mheall thart ar 5,000 iarratas.
Fós féin tá gearrtha mór ag teacht ar an ragobair (overtime) a fhaigheann siad, mar theip ar an Rialtas a geallúintí réamhthoghcháin maidir le líon na bhfórsaí a mhéadú a chomhlíonadh.
De réir sonraí le déanaí, bhí níos mó Gardaí tar éis fágáil ná mar a bhí tagtha isteach i mbliana.
Níor earcaíodh ach 149 oifigeach nua, a chríochnaigh a gcuid oiliúna i gColáiste na nGardaí i mí an Mhárta i mbliana.
Ag an am céanna, bhí 156 gardaí tar éis éirí as an tseirbhís nó éirí as a bpoist go hiomlán ó thús na bliana.
Cé gur sholáthair an Rialtas €151 milliún don ragobair i mbliana – ardú 13% ar 2024 – tá cuid mhór den airgead sin caite cheana féin, mar gheall ar an ngá le breis uaireanta chun líon íseal na bhfórsaí ar an líne tosaigh a chúiteamh.
I ríomhphost a chonaic Extra.ie, thug príomh-oifigeach Gardaí rabhadh go bhfuil caiteachas an ragobair ag dul i bhfad os cionn an méid a bhí beartaithe agus gur gá ‘gníomha láithreach’ chun an cás a leasú.
Tá gearradh 20% molta don deireadh seachtaine seo.
Dúirt urlabhraí na nGardaí nach ndearna siad gearradh ar an mbuiséad iomlán, ach go ndéanann bainistíocht athbhreithniú rialta chun cloí leis na cistí atá leagtha síos.
Deir foinsí nach féidir leis an bhfórsa gearradh a dhéanamh faoi láthair.
Deir siad: ‘Ní féidir an tseirbhís a reáchtáil gan an ragobair. Tá formhór na rannán ag brath orthu chun freagairt do ghlaonna agus na seirbhísí bunúsacha a choinneáil ag rith.’
Roimh an toghchán, gheall ceannairí an Rialtais go mbeadh méadú 1,000 Garda sa bhliain ar feadh cúig bliana.
Mar sin féin ag comhdháil AGSI i gCill Airne, le dEanaí, dúirt Ronan Clogher go bhféadfadh líon na nGardaí titim go dtí 12,000 i gceann bliana nó dhó.
Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Jim O’Callaghan, nach raibh sé ‘ina fháidh’ agus nach bhféadfadh sé a rá céard a tharlódh.
Tá eagla mhór ann go mbeidh éirí as ollmhór, agus thart ar 2,000 Garda in ann dul ar scor i mbliana – 25 díobh i mí amháin cheana féin.
Faoi dheireadh mhí Feabhra, bhí 14,146 oifigeach, 3,678 ball foirne, agus 318 ball cúnta sa bhfórsa, dar leis an Roinn Dlí agus Cirt.
Deir siad go bhfuil siad fós tiomanta d’earcaíocht 5,000 ball nua sna cúig bliana amach romhainn.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.