

Tá mac na mná Éireannaí, Máire Ní Mhurchú, atá 72 bliain d’aois agus a gabhadh ag Iosraelaigh sa Bhruach Thiar, tar éis labhairt faoina bhród aisti; agus dúirt an bhean a gabhadh léi: ‘Ní dhearna sí aon rud mícheart.’
Ghabh fórsaí Iosraelacha Máire Ní Mhurchú, as Corcaigh, (tugtar D Murphy uirthi freisin), i sráidbhaile Khallet al-Dabaa i réigiún Masafer Yatta i ndeisceart an Bhruaigh Thiar.
Gabhadh iad as a bheith i ‘gcrios (zone) míleata’ agus dúirt an bhean eile, Suzanne Björk, a díbríodh ó Iosrael go dtí an Aithin ó shin, gur labhair siad leis na póilíní agus le harm Iosrael roimhe sin, agus nár dúradh leo dul as.

Labhair Dale Ryan, mac Ms Ní Mhurchú, le RTÉ faoi dhiongbháilteacht (determination) a mháthar troid ar son an cheartais.
Dúirt sé: ‘Chomh fada agus is féidir liom a fheiceáil, ba é an t-aon choir a rinne sí ná coireanna in aghaidh mhuintir na Palaistíne a léiriú.
‘Bhí tuiscint láidir cheartais ag D I gcónaí agus tá a fhios agam nach bhféadfadh sí suí sa bhaile agus a fhios aici go raibh a cairde i Masafer Yatta agus sa Phalaistín ar fad ag fulaingt gan ghá.
‘Táim an-bhródúil as mo mháthair as seasamh suas ar son cearta bunúsacha an duine agus as iarracht a dhéanamh eolas a chur ar fáil faoi fhulaingt mhuintir na Palaistíne.’
Dúradh le Ms Björk go raibh sí in Iosrael go mídhleathach, tar éis dóibh a víosa a chur ar ceal, agus mar sin gur ghá di imeacht. Agus dúirt sí gur ‘chinn Ms Ní Mhurchú troid i gcoinne na díbeartha seo mar nach ndearnamar aon rud mícheart’.
Dúirt sí go bhfuil líomhaintí póilíní Iosrael ‘go hiomlán bréagach’ agus gur chinn Ms Ní Mhurchú fanacht faoi choinneáil chun dúshlán a thabhairt don ordú.
‘Tá siad ag iarraidh fáil réidh le duine ar bith a dhéanann iarracht réaltacht na forghabhála agus na gcoireanna cogaidh atá ar siúl a dhoiciméadú,’ a dúirt Björk.
Dúirt sí nuair a shroich siad sráidbhaile Khallet al-Dabaa, gur chonaic siad ‘roinnt aoirí lonnaithe (settler shepherds) ag ciapadh na ndaoine áitiúla’.
Dúirt Björk gur scannánaigh sí an eachtra seo agus ansin gur ionsaíodh í agus gur goideadh a fón.
Ansin ghlaoigh sí ar na póilíní agus dúirt sí gur dúradh léi ráiteas oifigiúil a dhéanamh ag an stáisiún an mhaidin dár gcionn.
‘An mhaidin dár gcionn, dhúisigh saighdiúirí muid ag bualadh an dorais, ag rá go raibh muid in áit nach raibh muid ceaptha a bheith ann agus go raibh 10 soicind againn le dul amach,’ a dúirt Björk.
Dúirt sí gur choinnigh na saighdiúirí í féin agus Ms Ní Mhurchú agus gur ghlaoigh siad ar na póilíní.
‘Is bean 71 bliain d’aois í D, is bean 48 bliain d’aois mé,’ a dúirt Björk.
‘Nílimid ag bagairt i ndáiríre. Is cinnte nach bheimís ag bagairt fir a raibh arm trom orthu.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.