Tá ‘bromance’ Trump agus Musk thart, le líomhaintí faoi Jeffrey Epstein

Tá Musk agus Trump ag bagairt a chéile agus anois tá imní faoi gheilleagar Mheiriceá, caillteanas mór do Tesla agus fiú líomhaintí, gan fhianaise, faoi Jeffrey Epstein

Tá Donald Trump agus Elon Musk ag bagairt a chéile, agus má leanann siad ar aghaidh lena mbagairtí déanfar damáiste ollmhór do gheilleagar Mheiriceá agus do chuideachtaí Musk.

Mar sin féin, d’éirigh an choimhlint phearsanta níos measa fós – luaigh Musk comhaid ar Jeffrey Epstein nár fhoilsigh rialtas Mheiriceá fós.

Agus rinne sé éilimh gan fhianaise. Tá éilimh chomhchosúla déanta faoi go leor polaiteoirí agus daoine cáiliúla thar na blianta.

Nuair a tháinig an teannas chun cinn idir Trump agus Musk, scriosadh $150 billiún de luach Tesla, a bhí tite cheana féin mar gheall ar bheartais Trump.

Ansin, bhagair siad a chéile agus rinne Musk líomhaintí faoi na comhaid ar Jeffrey Epstein agus cad a d’fhéadfadh a bheith iontu.

Elon Musk
Elon Musk

Níor thug sé aon fhianaise don éileamh agus chuir an Teach Bán síos ar an trácht mar ‘thrua’.

Dúirt rúnaí preasa an Tí Bháin, Karoline Leavitt: ‘Is eachtra mhí-ádhúil í seo ó Elon.’

Dúirt sí nach bhfuil Musk sásta le plean Trump dá Bhille ar a dtugtar an ‘Bille Mór Álainn’. Dúirt sí nach fuair Musk na beartais a theastaigh uaidh sa Bhille.

Ach dúirt Musk go bhfuil a cháineadh ar Trump mar gheall ar an méid airgid atá sé chun a chaitheamh.

Rinne Musk, úinéir ardán na meán sóisialta X, ionsaí ar tharaifí Trump, ag rá go ‘mbeadh cúlú eacnamaíoch mar thoradh orthu sa dara leath den bhliain seo’.

Chomh maith leis sin, roinn sé post ag iarraidh go gcuirfí Trump as oifig agus d’fhiafraigh sé an raibh sé ‘in am páirtí polaitiúil nua a chruthú i Meiriceá a dhéanann ionadaíocht ar an 80% sa lár’.

I ndiaidh sin bhagairt Trump conarthaí rialtais le gnólachtaí Musk a chealú; agus dúirt Musk go dtosóidh a chuideachta SpaceX ag díchoimisiúnú a spásárthach Dragon ‘láithreach’.

Donald Trump
Donald Trump

Thosaigh an coimhlint nuair a cháin Musk an ‘Bille Mór Álainn’, ag rá go gcosnódh sé níos mó ná $2 bhilliún breise ar cháiníocóirí Mheiriceá. Ina dhiaidh sin, chaill scaireanna Tesla thart ar $150 billiún i luach.

Dúirt Trump ansin go raibh ‘díomá’ air faoi cháineadh Musk agus dúirt sé: ‘Táim an-díomách in Elon. Chuidigh mé go mór le Elon.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram