Tá Sgt Pepper 58 bliain d’aois

Cheap daoine gur albam neamhghnách ó na Beatles a bhí i Revolver – agus ansin tháinig siad amach le Sgt Pepper’s Lonely Hearts Club Band, atá 58 bliain d’aois

An tseachtain seo i 1967, d’eisigh The Beatles a hochtú albam stiúideo, Sgt Pepper’s Lonely Hearts Club Band. 

Cé go meastar gurb é Revolver an saothar is fearr de chuid na Beatles anois, is dócha gurb é Sgt Pepper an t-albam is cáiliúla a bhí acu.

Bhí smaoineamh ag Paul McCartney gur banna ceoil bréige a bheadh Sgt Pepper, agus cruthaíodh albam ar leith.

Bhí smaoineamh ag Paul McCartney gur banna ceoil bréige a bheadh Sgt Pepper
Bhí smaoineamh ag Paul McCartney gur banna ceoil bréige a bheadh Sgt Pepper

Bhí na liricí priontáilte ar chlúdach galánta, agus bhí clúdach tosaigh cháiliúil le Sgt Pepper, a rinne Peter Blake.

Léirigh sé meon na linne agus spreag sé daoine le bheith ag smaoineamh agus ag brionglóid.

Toisc go raibh The Beatles tar éis éirí as camchuairteanna, bhí siad saor chun an stiúideo a úsáid ar a mbealach féin – gan brú ama ná airgid, ach teoranta ag a samhlaíocht féin.

Bhí an t-albam lán d’aisteachas agus nuálaíocht: an píosa drámatúil A Day In The Life le corda fada láidir ag an deireadh, an t-amhrán conspóideach Lucy In The Sky With Diamonds, an t-amhrán álainn She’s Leaving Home, When I’m Sixty Four lán le mothúcháin, agus Within You Without You le George Harrison a raibh blas mistiúil air.

Cé nár cuireadh Penny Lane ná Strawberry Fields Forever ar Sgt Pepper mar a bhí beartaithe ar dtús, d’éirigh leis a bheith ceannródaíoch sa cheol.

Ó shin i leith, úsáidtear an frása ‘Sgt Pepper’ féin faoi albam mór aon bhanna ceoil.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram