Gearrscannán agus amhrán nua de chuid na Beatles: Féach ar an scannán agus éist leis an amhrán anseo

02/11/2023

Insíonn an scannán ó stiúrthóir Lord of the Rings Peter Jackson scéal an amhráin nua ina bhfuil na Beatles ar fad le chéile

Tá gearrscannán nua de chuid na Beatles ón stiúrthóir Lord of the Rings Peter Jackson eisithe le hamhrán deireanach an ghrúpa.

The Beatles
The Beatles

Agus a n-amhrán nua Now And Then eisithe ag 2pm Déardaoin, is féidir le lucht leanúna an ghrúpa ábhar úr a chloisteáil den chéad uair ó 1995 i leith.

Chun an seoladh a cheiliúradh, cuireadh clár faisnéise nua 12 nóiméad ar a dtugtar Now And Then: The Last Beatles Song amach ar líne ar Dé Céadaoin.

Agus is féidir leat an scannán 12 nóiméad a fheiceáil anseo agus ansin éisteacht leis an amhrán nua, ‘Now And Then’.

Míníonn an físeán an bealach a d’oibrigh Paul McCartney agus Ringo Starr le Apple Corps agus Jackson chun an t-amhrán a chuir le Chéile gan a gcomhghleacaithe John Lennon agus George Harrison, fiche nó tríocha bliain tar éis é a thaifeadadh.

Baineadh úsáid as teicneolaíocht nua chun an t-amhrán a tháirgeadh, nach raibh ann ach mar théip ‘demo’ neamhchríochnaithe a thaifead John Lennon i 1979.

In ainneoin gur lámhachadh Lennon marbh i 1980 agus fuair Harrison bás ón ailse i 2001, tá guthanna na gceithre Beatles le chéile arís san amhrán.

D’eisigh an stiúrthóir a bhuaigh Oscar, Jackson, a shraith faisnéise, Get Back, a bhfuil cáil na léirmheastóirí uirthi, in 2021. Thug sé cuntas ar chruthú albam deiridh na Beatles sular scoilt an grúpa.

‘Nuair a d’iarr Apple orm an físeán ceoil a dhéanamh, bhí an-drogall orm,’ a dúirt sé.

‘Shíl mé go mbeadh na míonna atá amach romhainn níos fear dá mbeadh an tasc deacair sin ina fhadhb ag duine éigin eile.

‘D’fhéadfainn a bheith cosúil le haon lucht leanúna de chuid na Beatles, ag baint taitnimh as a bheith ag súil leis an amhrán nua de chuid na Beatles.’

Bunaithe i 1960, tá na Beatles fós ar na ceoltóirí is mó díol riamh, le díolacháin measta de 600 milliún taifead ar fud an domhain agus is iad na ceoltóirí leis na halbaim is mó sna Stáit Aontaithe agus ar Spotify.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram