

Tá talamh in aice le sean-theach an phríomh-amhrastaigh (prime suspect) i gcás imeacht Madeleine McCann á chuardach ag na póilíní.
Tá bóithre dúnta agus cuireadh pubaill suas in aice leis an ionaid sa Phortaingéil inar imigh Madeleine, a bhí trí bliana d’aois, ar an 3 Bealtaine, 2007.
Tá sé gar freisin do theach in aice láimhe inar chónaigh Christian Brueckner, an príomh-amhrastach, tráth.

Tá Brueckner, atá 48 bliain d’aois, i bpríosún sa Ghearmáin áit a bhfuil seacht mbliana á gcur isteach aige as éigniú.
Rinne póilíní na Gearmáine an t-iarratas ar chuardach eile chorp Madeleine.
Níl sé soiléir an bhfuil siad ag gníomhú ar bhonn faisnéise nua ach dúirt foinse Phortaingéalach a bhfuil eolas maith aici: ‘Déanfar an cuardach ar 21 píosa talún faoi úinéireacht phríobháideach nach bhfuil fál timpeall orthu i gcásanna áirithe.
‘Déanfar cuardach ar thoibreacha (wells), ar fhothracha (ruins) agus ar umair stórála uisce.’
Tá an cuardach ar mhaoin idir Praia da Luz agus teachín ar cíos ar imeall an bhaile saoire inar chónaigh Brueckner ar feadh roinnt blianta roimh 2007.
Meastar go leanfaidh sé ar aghaidh go dtí Dé hAoine – mura bhfaighfear fianaise nua faoi imeacht Madeleine.
Beidh oifigigh fhóiréinseacha Gearmánacha páirteach san imscrúdú.
Dheimhnigh Policia Judiciaria na Portaingéile gur iarr údaráis na Gearmáine an limistéar a chuardach.
Deir foinse go bhfuil siad ag fiosrú saoránach Gearmánach a bhfuil amhras ann go ndúnmharaíodh sé Madeleine.
Níor aimsíodh aon fhianaise i gcuardaigh níos luaithe i mBealtaine 2023 ag Damba Arade – áit ar thug Brueckner a ‘pharthas beag’ air, de réir dealraimh.
Tá Brueckner faoi imscrúdú ar amhras fuadaigh agus dúnmharaithe i gcás Madeleine ach shéan sé aon bhaint leis.
Mar sin féin, ghlac imscrúdaitheoirí Gearmánacha an cinneadh neamhghnách é a ainmniú mar amhrastach sa chás, ach níor cúisíodh é.
Táthar ag súil go dtiocfaidh deireadh le téarma príosúin Brueckner nuair a scaoiltear saor é i mí Mheán Fómhair.
Sé sin i bhfad níos luaithe ná mar a bhí súil ag na hionchúisitheoirí leis, tar éis dó a bheith saor ó chionta gnéis neamhghaolmhara i mí Dheireadh Fómhair seo caite.
Níl sé á choinneáil i bpríosún aonair a thuilleadh agus é ag druidim le deireadh a phianbhreithe.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.