

Dúirt na Gardaí go bhfuair siad breis is 21,000 tuairisc ar dhrochíde baile (domestic abuse) ar fud na tíre go dtí seo i mbliana; agus d’iarr siad ar gach íospartach cabhair a fháil.
Dúirt na Gardaí go bhfuil a fhios acu go bhfuil daoine ann atá fós imníoch faoi theagmháil a dhéanamh leo faoi dhrochíde baile.
Bhí na Gardaí ag cur ‘Go Purple Day’ chun cinn, sin tionscnamh atá acu chun cabhrú le tuiscint a mhúscailt faoi dhrochíde baile agus an tacaíocht atá ar fáil.

Tionscnaíodh ‘Go Purple Day’ cúig bliana ó shin ag an nGarda Póilíneachta Pobail Stacey Looby, a bhí ag obair san Uaimh (Navan) ag an am agus a d’aithin an tionchar a bhí ag srianta na paindéime ar dhaoine a bhí ina gcónaí faoi eagla.
I ráiteas, dúirt na Gardaí: ‘Go dtí seo in 2025, fuair an Garda Síochána breis is 21,000 teagmháil a bhain le dhrochíde baile; ag deireadh 2024, ba é 65,000 an figiúr sin.
‘Tá Éire ar cheann de thrí thír a thug isteach cion sonrach (a specific offence) maidir le ‘coercive control’ agus, ó tugadh isteach é, bhí 52 ionchúiseamh ann don choir seo.
‘Tá 12 ionchúiseamh tionscnaithe ag an nGarda Síochána don chion nua stalcaireachta (stalking) ó tugadh isteach é, agus baineann sé cinn díobh sin faoi dhrochíde baile.’
Dúirt an Príomh-Cheannfort Bleachtaireachta (Detective Chief Superintendent) Colm Noonan, ó Bhiúró Náisiúnta Seirbhísí Cosanta an Gharda Síochána: ‘Tá a fhios againn freisin go bhfuil na céadta duine ann nach féidir leo glaoch a chur ar a stáisiún Garda áitiúil fós, chun a chur in iúl dúinn go bhfuil cabhair ag teastáil uathu.
‘Ba mhaith linn a chur ina luí ar mhná, ar fhir agus ar leanaí nach bhfuil sibh i n-aonar agus go bhfuil cabhair amuigh ansin.
‘Is rómhinic a chuala muid ó íospartaigh a dúirt nach bhfuil áit ar bith le dul acu.’
Agus é ag caint faoi dhrochíde baile, dúirt sé: ‘Sin é an fáth go bhfuil sé chomh tábhachtach inniu solas a chaitheamh ar na daoine sin a bhfuil gach solas múchta orthu agus nach bhfeiceann bealach amach.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.