Caoimhín Kelleher, laoch ó Chorcaigh, ag fágáil Liverpool agus ag dul go dtí Brentford

Tá Caoimhín Kelleher, an Corcach atá ar dhuine de na cúl báire is fearr  Premier League Shasana, ag imeacht ó Liverpool

Tá tairiscint €20 milliún glactha ag Liverpool ó Brentford le haghaidh an cúl báire Caoimhín Kelleher, as Corcaigh.

Bhí an t-imreoir idirnáisiúnta, atá 26 bliain d’aois, ag dul isteach sa bhliain dheireanach dá chonradh ag Anfield, áit a cuireadh luach €23 milliún air.

Anois tá sé ag fágáil Liverpool.

Caoimhín Kelleher
Caoimhín Kelleher

Tá Caoimhín molta go leanúnach ag tráchtairí sacair sa Bhreatain; agus chuir Cumann Peile na hÉireann (FAI) é ar an ngearrliosta do laoch na himeartha don bhliain, in éineacht le Robbie Brady agus Nathan Collins.

Mar sin féin, bhí sé soiléir le tamall anuas go mbeadh gairm bheatha Caoimhín i Liverpool ag teacht chun deiridh an samhradh seo.

Chuir Liverpool an luach os cionn €23 milliún air, an samhradh seo, le Brentford i measc roinnt clubanna Premier League a bhí suim acu ann.

Tá 67 láithriú déanta ag Caoimhín do Liverpool, lena n-áirítear naoi gcluiche nár éirigh leis an bhfoireann eile scóráil, as 20 cluiche i 2024-25.

Bhí spéis Brentford i Caoimhín spreagtha ag an bhféidearthacht go mbogfaidh Mark Flekken ar aghaidh an samhradh seo.

Bhí Flekken an cúl báire céadrogha ag Brentford ó bhog David Raya go Arsenal in 2023 agus níor chaill sé ach dhá chluiche Premier League thar dhá shéasúr.

I Liverpool níor bhaineadh úsáid as Kelleher ach nuair a bhí cúl báire céadrogha, Alisson, as láthair, ach bhí ról suntasach aige i gcluichí corn, ag tosú i mbua Chorn Carabao ag Wembley i 2022 agus 2024.

D’imir sé nuair a gortaíodh Alisson; ar dtús nuair a d’fhulaing Alisson gortú i dteannán a ioscaide (hamstring) i mí Dheireadh Fómhair agus freisin mar gheall ar chomhtholgadh(concussion) a fuair sé agus é ar dualgas idirnáisiúnta i mí an Mhárta.

Rachaidh cúl báire Valencia Giorgi Mamardashvili isteach i scuad Liverpool an samhradh seo, tar éis a bhogadh €34m a dhearbhú anuraidh.

Bhí sé soiléir go bhfuil Caoimhín ag iarraidh dúshlán nua a shaothrú.

Ag labhairt dó tar éis ardú trófaí Dé Domhnaigh, dúirt sé le Optus Sport: ‘Sílim go bhfuil sé ráite agam cheana, is dóigh liom go bhfuil mé maith go leor chun imirt seachtain i ndiaidh seachtaine. Sin an rud atá mé ag iarraidh a dhéanamh.

‘Ar ndóigh, an séasúr seo bhí an t-ádh orm a lán cluichí a imirt … ach sea, is cinnte gur rud é a bhfuilim ag breathnú air. ‘

Bhí súil ag Kelleher bogadh ar aghaidh bliain ó shin ach gan aon tairiscintí oiriúnacha ag teacht isteach, d’fhan sé agus rinne sé an obair chrua.

Ní raibh Liverpool ag iarraidh an cúl báire taca is fearr sa Premier League a chailleadh. Chuir Kelleher go mór lena mbua teidil an séasúr seo mar d’imir sé i 10 gcluiche sraithe mar gheall ar shaincheisteanna gortaithe Alisson.

Mar sin féin, gan ach bliain fágtha ar a chonradh, bhí  ciall le bogadh do gach páirtí.

Bhí Liverpool ag ullmhú don eachtra seo le fada an lá. Tiocfaidh Mamardashvili ó Valencia chun dul san iomaíocht le Alisson tar éis an margadh a bheith déanta an samhradh seo caite.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram