Beidh Caoimhín Kelleher ag imeacht ó Liverpool agus luach €23m air

‘Sílim go bhfuil sé ráite agam cheana, is dóigh liom go bhfuil mé maith go leor chun imirt seachtain i ndiaidh seachtaine,’ a deir Caoimhín Kelleher

Tá Caoimhín Kelleher, cúl báire Liverpool, molta go leanúnach ag tráchtairí sacair sa Bhreatain agus chuir Cumann Peile na hÉireann (FAI) é ar an ngearrliosta do laoch na himeartha don bhliain, in éineacht le Robbie Brady agus Nathan Collins.

Mar sin féin, bhí sé soiléir le tamall anuas go mbeadh gairm bheatha Caoimhín i Liverpool ag teacht chun deiridh an samhradh seo.

Chuir Liverpool luach os cionn €23 milliún air, an samhradh seo, le Brentford i measc roinnt clubanna Premier League atá suim acu ann.

Tá Kelleher, 26, ag dul isteach sa bhliain dheireanach dá chonradh ag Anfield agus tá 67 láithriú déanta aige do Liverpool, lena n-áirítear naoi gcluiche nár éirigh leis an bhfoireann eile scóráil, as 20 cluiche i 2024-25.

Caoimhín Kelleher
Caoimhín Kelleher ag imirt do Liverpool

Tá spéis Brentford i Caoimhín spreagtha ag an bhféidearthacht go mbogfaidh Mark Flekken ar aghaidh an samhradh seo.

Is é an gcéad cúl báire ag Brentford ó bhog David Raya go Arsenal in 2023 agus níor chaill sé ach dhá chluiche Premier League thar dhá shéasúr.

I Liverpool níor bhaineadh úsáid as Kelleher ach nuair a bhí cúl báire céadrogha, Alisson, as láthair, ach bhí ról suntasach aige i gcluichí corn, ag tosú i mbua Chorn Carabao ag Wembley i 2022 agus 2024.

D’imir sé nuair a gortaíodh Alisson; ar dtús nuair a d’fhulaing Alisson gortú i dteannán a ioscaide (hamstring) i mí Dheireadh Fómhair agus freisin mar gheall ar chomhtholgadh(concussion) a fuair sé agus é ar dualgas idirnáisiúnta i mí an Mhárta.

Rachaidh cúl báire Valencia Giorgi Mamardashvili isteach i scuad Liverpool an samhradh seo, tar éis a bhogadh €34m a dhearbhú anuraidh.

Tá sé soiléir go bhfuil Caoimhín ag iarraidh dúshlán nua a shaothrú. Ag labhairt dó tar éis ardú trófaí Dé Domhnaigh, dúirt sé le Optus Sport: ‘Sílim go bhfuil sé ráite agam cheana, is dóigh liom go bhfuil mé maith go leor chun imirt seachtain i ndiaidh seachtaine. Sin an rud atá mé ag iarraidh a dhéanamh.

Caoimhín Kelleher agus John O'Shea
Caoimhín Kelleher agus John O’Shea, Bainisteoir Cúnta Phoblacht na hÉireann

‘Ar ndóigh, an séasúr seo bhí an t-ádh orm a lán cluichí a imirt … ach sea, is cinnte gur rud é a bhfuilim ag breathnú air. ‘

Bhí súil ag Kelleher bogadh ar aghaidh bliain ó shin ach gan aon tairiscintí oiriúnacha ag teacht isteach, d’fhan sé agus rinne sé an obair chrua.

Níl Liverpool ag iarraidh an cúl báire taca is fearr sa Premier League a chailleadh. Chuir Kelleher go mór lena mbua teidil an séasúr seo mar d’imir sé i 10 gcluiche sraithe mar gheall ar shaincheisteanna gortaithe Alisson.

Mar sin féin, gan ach bliain fágtha ar a chonradh, tá ciall le bogadh do gach páirtí. Ba chóir go bhfaigheadh seaimpíní Premier League táille réasúnta dó agus ba chóir go bhfaigheadh Kelleher an pheil rialta a theastaíonn uaidh.

Tá Liverpool ag ullmhú don eachtra seo le fada an lá. Tiocfaidh Mamardashvili ó Valencia chun dul san iomaíocht le Alisson tar éis an margadh a bheith déanta an samhradh seo caite.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram