

Scaoil trúpaí Iosraelacha urchair in aice le mílte Palaistíneach ocrach nuair a chaill grúpa a roghnaigh Iosrael chun bia a thabhairt isteach i nGaza smacht ar a ionad chúnamh ar a dhara lá oibríochta.
Tar éis 11 seachtaine de léigear iomlán agus bac leanúnach, tá ocras géar ar fhormhór na ndaoine i nGaza.

Shiúil na céadta mílte trí línte míleata Iosraelacha chun bia a fháil san ionad nua i Rafah i nGaza Dé Máirt.
Ach ní raibh an Gaza Humanitarian Foundation (GHF), atá nuabhunaithe, ullmhaithe dóibh agus d’imigh baill den fhoireann ag pointe amháin.
Tá sé mar aidhm ag an GHF, a úsáideann conraitheoirí slándála armtha Mheiriceánacha, dul thar na Náisiúin Aontaithe mar phríomhsholáthraí cúnaimh i nGaza, áit a bhfuil saineolaithe tar éis rabhadh a thabhairt faoi ghorta atá ag bagairt.
Tar éis do dhaoine ocracha i nGaza iarracht a dhéanamh teacht ar an mbia, scaoil tancanna agus saighdiúirí Iosraelacha urchair agus scaoil héileacaptair lasracha (flares).
Gortaíodh triúr Palaistíneach ar a laghad.
D’éirigh le roinnt daoine na boscaí bia a raibh siúcra, plúr, pasta agus tahini iontu a bhaint amach ach ní bhfuair formhór acu tada.
Bhí na Náisiúin Aontaithe agus eagraíochtaí daonnúla eile tar éis diúltú cheana féin oibriú leis an GHF i nGaza mar níl aon taithí acu ar an obair.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.