

Ní thosaíonn an samhradh i ndáiríre in Éirinn go dtí Féile Bloom le Bord Bia – ceiliúradh ildathach a dhíríonn ar an ngarraíodóireacht, bia agus maireachtáil inbhuanaithe.
I mbliana, tá an fhéile níos gnóthaí ná riamh.

Táthar ag súil le breis is 100,000 cuairteoir a thabhairt faoin bhféile Bloom le Bord Bia i mbliana, áit a mbeidh 21 gairdín seó nua, 11 gairdín ‘cárta poist’, agus níos mó ná céad táirgeoir bia agus deoch cheardaíochta (artisan) le fáil.
Beidh cainteanna beo, taispeántais chócaireachta, ceardlanna agus siamsaíocht ar siúl ar chúig stáitse spleodracha ar feadh na féile Bloom.
Beidh réaltaí mar Donal Skehan, Diarmuid Gavin agus Darina Allen i láthair arís, agus i mbliana tá roinnt gnéithe nua le súil a chaitheamh orthu.

Ina measc, tá ‘Taste of Bloom, Curated by Neven’ – eispéireas dinnéir speisialta le trí chúrsa agus deis bualadh le Neven Maguire ar €79.
Beidh an cócaire agus údar Trisha Lewis i gceannas ar an ‘Seafood Kitchen’ agus ag taispeáint a scileanna cócaireachta.
Agus níl dearmad déanta ar na páistí.
Beidh go leor gníomhaíochtaí spraíúla dóibh freisin, lena n-áirítear an ‘Budding Bloomers Children’s Botanical Hub’ le taispeántais idirghníomhacha agus ceardlanna faoi phlandáil.

Beidh an t-aisteoir Paddy Courtney i mbun ceardlann spraíúil, chomh maith le maisiú aghaidheanna agus scéalaíocht ó leabharlannaí Bhaile Átha Cliath.
Tá ticéid ar fáil anois don fhéile, a bheidh ar siúl ón Aoine seo go dtí an Luan.
Lá iontach do theaghlaigh atá geallta ag Bloom le Bord Bia i mbliana.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.