

Tá laghdú 16% tagtha ar bhrabúis bliantúla Ryanair, de bharr laghdú ar phraghsanna ticéad chun níos mó paisinéirí a mhealladh, de réir na dtuairiscí is déanaí.
Dúirt an comhlacht, áfach, go bhfuil praghsanna le hardú agus iad ag iarraidh filleadh ar fhás.

Tá ardú suntasach ar phraghsanna ag teacht anois, agus meastar go n-ardóidh costas na dticéad idir 15% agus 19%.
Chomh maith leis sin tá Ryanair buartha faoi tharaifí nua ó Uachtarán Trump, rud a d’fhéadfadh moilleanna breise a chur ar eitleáin nua a fháil.
D’fhógair Ryanair go raibh brabús réamhchánach de €1.78 billiún aige le haghaidh an bliain go dtí an 31 Márta, síos ó €2.13 billiún an bhliain roimhe sin.
Thit brabús i ndiaidh cánach go €1.61 billiún. Cé gur tháinig méadú 9% ar líon na bpaisinéirí – suas go 200.2 milliún – tá Ryanair ag súil le fás níos moille (3%) in 2025-26 mar gheall ar mhoilleanna i seachadadh eitleán Boeing.
Tá sé mar sprioc ag Ryanair cuid den 7% laghdú i bpraghsanna ón mbliain roimhe sin a ghnóthú ar ais i rith an tsamhraidh.
Dúirt Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Ryanair, Michael O’Leary, go bhfuil toradh deiridh 2025-2026 fós i mbaol ó imeachtaí seachtracha mar chogaí taraife, géarchéimeanna eacnamaíochta, coimhlint san Úcráin agus sa Mheánoirthear, agus fadhbanna le rialú aerthráchta san Eoraip.

Gearradh na táillí ag an ngrúpa anuraidh chun líon na bpaisinéirí a mhéadú i bhfianaise brúnna caiteachais tomhaltóirí, chomh maith le ham na Cásca agus laghdú ar áirithintí trí ghníomhaireachtaí ar líne.
Gearradh réamhaisnéisí paisinéirí arís agus arís eile freisin mar gheall ar fhadhbanna le haerárthaí Boeing.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.