Cháin an Taoiseach arm Iosrael as ‘intimidation’ a dhéanamh ar ‘diplomats’ trí urchair a scaoileadh

22/05/2025

Fearg idirnáisiúnta tar éis d’arm Iosrael urchair rabhaidh (warning shots) a scaoileadh thar taidhleoirí (diplomats) ón Eoraip sa Bhruach Thiar (West Bank)

Dúirt an Taoiseach go raibh Fórsaí Cosanta Iosrael ag úsáid ‘ghníomh ionsaitheach, imeaglach (intimidating) agus foréigneach’.

D’fhoilsigh Micheál Martin an ráiteas láidir tar éis d’arm Iosrael urchair a scaoileadh mar rabhadh do ghrúpa taidhleoirí, beirt acu as Éirinn, sa Bhruach Thiar.

Chuir aireacht eachtrach na Palaistíne i leith Iosrael go raibh siad ‘ag díriú d’aon ghnó le urchair a scaoileadh ar thoscaireacht taidhleoireachta creidiúnaithe (accredited diplomatic delegation)’.

An Taoiseach ag caint faoi arm Iosrael
An Taoiseach ag caint faoi arm Iosrael

Dúirt taidhleoir Eorpach gur chuaigh an grúpa go Jenin, cathair i Stát na Palaistíne sa Bhruach Thiar atá faoi fhorghabháil Iosrael, chun an scrios, a rinne míonna d’oibríochtaí Iosraelacha, a fheiceáil.

D’admhaigh an arm gur scaoil siad urchair le linn cuairte toscaireacht de chuid ón Eoraip, a raibh Éireannaigh ina measc, ar an mBruach Thiar.

Dúirt siad gur scaoileadh na hurchair d’aon ghnó mar gheall go raibh an toscaireacht ann agus mhaígh siad gur urchair rabhaidh a bhí iontu.

Tharla sé seo agus brú ag méadú ar Iosrael cúnamh a cheadú isteach i nGaza.

Mhaígh an arm gur ‘imigh an toscaireacht ón mbealach ceadaithe’, rud a spreag trúpaí chun ‘urchair rabhaidh’ a scaoileadh chun iad a choinneáil ar shiúl ó ‘limistéar nach raibh údarás acu a bheith ann’.

Cháin Simon Harris an eachtra freisin.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha: ‘Táim scanraithe faoi na tuairiscí gur scaoil an IDF urchair i gcomharsanacht cuairte ar Jenin ag grúpa taidhleoirí, lena n-áirítear beirt taidhleoir Éireannacha atá lonnaithe i Ramallah.

‘Le buíochas níor gortaíodh aon duine. Tá sé seo go hiomlán doghlactha agus cáinim é go láidir,’ a dúirt an tUasal Harris.

Tá fearg ar cheannairí Iosrael leis an Aontas Eorpach as athbhreithniú a dhéanamh ar a chomhaontú comhair leis an tír mar gheall ar an gcaoi a gcaitear le Palaistínigh i nGaza.

Dé Máirt, dúirt príomh-thaidhleoir an Aontais Eorpaigh, Kaja Kallas, go raibh an tAontas Eorpach ag gníomhú tar éis do ‘thromlach láidir’ dá 27 ballstát tacú leis an gcinneadh athbhreithniú a dhéanamh ar an trádáil le hIosrael, i gcruinniú d’airí gnóthaí eachtracha ón Aontas Eorpach.

Simon Harris
Simon Harris

Dúirt taidhleoirí gur iarr 17 stát ón Aontas Eorpach athbhreithniú ag an gcruinniú sa Bhruiséil faoi Airteagal a dó den chomhaontú a iarrann meas ar chearta an duine.

Chuir naoi mballstát ón Aontas Eorpach i gcoinne na tionscnaimh: an Ghearmáin, an Ungáir, an Iodáil, an tSeicia, an Chróit, an Chipir, an Liotuáin, an Ghréig agus an Bhulgáir.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram