Is é TG4 an craoltóir ar leith de pheil na mban in Éirinn anois

20/05/2025

Le Corn Sports Direct FAI beidh líon mór cluichí do pheil na mban á chraoladh ar TG4

Beidh TG4 ag craoladh Bhabhtaí Leathcheannais agus Ceannais Chorn Sports Direct FAI do pheil mBan 2025

Leis an gcraoladh breise is déanaí seo ar chlúdach spóirt TG4, is é an craoltóir Gaeilge an craoltóir eisiach anois ar pheil na mban in Éirinn.

Is é TG4 craoltóir Phríomhroinn SSE Airtricity na mBan agus Chorn Uile-Oileáin na mBan freisin.

Shelbourne, a bhuaigh é anuraidh
Shelbourne, a bhuaigh é anuraidh

Le Corn Sports Direct FAI na mBan san áireamh beidh líon iomlán cluichí do pheile na mban a bheidh á chraoladh ar TG4 chomh hard le 17 –  lena gclúdófar 13 bhabhta de Phríomhroinn SSE Airtricity na mBan, Cluiche Ceannais Chorn Uile-Oileáin na mBan, agus anois na babhtaí leathcheannais agus an babhta ceannais de Chorn Sports Direct FAI na mBan.

Cuirfear tús le clúdach TG4 leis na Babhtaí Leathcheannais i mí Deireadh Fómhair, agus beidh an Babhta Ceannais ar siúl Dé Domhnaigh an 19 Deireadh Fómhair.

Is é seo an chéad uair a chraolfar na Babhtaí Leathcheannais beo ar theilifís saorchraolta, tráth cinniúnach le haghaidh infheictheacht agus tacaíocht do pheil na mban in Éirinn.

Cuirfear tús leis an gcomórtas leis an gcéad bhabhta i ndeireadh mhí an Mheithimh, ina mbeidh gach ceann den 12 chlub i bPríomhroinn SSE Airtricity do pheil na mBan taobh leis ceithre Bhuaiteoir Leathcheannais ó Chorn Amaitéireach FAI na mBan.

Leanfar leis na babhtaí ceathrú ceannais i lár mhí Lúnasa.

Is i seilbh Shelbourne atá an corn faoi láthair. Fuair siadsan an ceann is fearr ar Athlone Town i gCluiche Ceannais 2024, a mhalairt ar fad den chluiche cinniúnach in 2023 nuair a bhuaigh Athlone Town le ciceanna pionóis.

Dúirt Sean Kavanagh, Stiúrthóir Tráchtála FAI: ‘Tá ríméad orainn an comhaontú craoltóireachta seo a fhógairt le TG4 a thug tacaíocht iontach do chluiche na mban in Éirinn roimhe seo trí Shraith na hÉireann agus taispeántar lena gclúdach ar Chorn Sports Direct FAI na mBan a dtiomantas do chluiche na mban in Éirinn a fhás.

‘Tá roinnt ócáidí iontacha feicthe againn cheana féin i bPríomhroinn SSE Airtricity na mBan i gclúdach TG4 agus tá muid ar bís Corn Sports Direct FAI na mBan a fheiceáil ag teacht chun fíre le craoltaí breise ar na Babhtaí Leathcheannais agus an Babhta Ceannais araon.

Dul chun cinn do pheile na mban le Madie Gibson as  Athlone Town
Dul chun cinn do pheile na mban le Madie Gibson as  Athlone Town

‘Chomh maith le Cluiche Ceannais Chorn Uile-Oileáin na mBan, is é TG4 an áit le teacht ar chlúdach pheil na mban in Éirinn agus tá muid ag súil go mór leis an gclúdach iontach a dhéanfaidh siad uirthi don chuid eile de 2025.’

Dúirt Rónán Ó Coisdealbha, Ceannasaí Spóirt, TG4: ‘Tá TG4 an-bhródúil as Corn Sports Direct FAI na mBan a chur leis an gclúdach ar pheil na mban, lena n-áirítear Príomhroinn SSE Airtricity na mBan agus Corn Uile-Oileáin na mBan cheana. Leis seo, beidh TG4 ina chraoltóir eisiach ar pheil na mban sa bhaile in Éirinn.

‘Athdhearbhaítear freisin ár dtiomantas leanúnach do spóirt na mban a chur chun cinn agus a bhfeiceálacht a mhéadú ar fud na gcód ar fad.

‘Beidh gach ceann de na trí chluiche i gCorn Sports Direct FAI na mBan ar fáil do lucht féachana ar fud an domhain ar aip TG4 agus ar Sheinnteoir TG4.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram