

Shínigh Donald Trump agus an Araib Shádach (Saudi Arabia) margadh arm $142bn a deir an Teach Bán go bhfuil sé mar an ‘comhaontú díolacháin cosanta is mó sa stair’.
Is é an chéad stad de thuras ceithre lá Uachtarán na Stát Aontaithe chuig stáit na Murascaille (Gulf) atá dírithe ar mhargaí móra a fháil agus aird a tharraingt ar na buntáistí a bhaineann le beartas eachtrach Trump.
Le linn an turais, dheimhnigh an Teach Bán freisin go mbuailfeadh an t-uachtarán le ceannaire nua na Siria, Ahmed al-Sharaa.

Is é Ahmed al-Sharaa an t-iar-cheannasaí reibiliúnach a chuaigh in aghaidh Bashar al-Assad anuraidh.
Is é an cruinniú neamhfhoirmiúil an chéad chruinniú duine le duine idir uachtarán Mheiriceá agus ceannaire Siria ó 2000.
Ag an am buail Bill Clinton leis an gceannaire nach maireann Hafez al-Assad sa Ghinéiv.
Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe go raibh sé beartaithe aige smachtbhannaí a ardú ar an tSiria tar éis cainteanna a bheith aige le Mohammed bin Salman na hAraibe Sádaí agus Recep Tayyip Erdoğan na Tuirce.
‘Beidh mé ag ordú deireadh a chur le smachtbhannaí i gcoinne na Siria chun seans a thabhairt dóibh,’ a dúirt Trump.
Dúirt Sharaa go dtabharfadh sé rochtain don uachtarán Meiriceánach ar ola na Siria. Dúirt sé freisin go bhfaigheadh siad conarthaí atógála agus thairg sé Túr Trump a thógáil i nDamascus, mar mhalairt ar dheireadh a chur le smachtbhannaí na Stát Aontaithe ar an tSiria.
Roinn Radwan Ziadeh, scríbhneoir agus gníomhaí Siriach atá gar d’uachtarán na Siria, pictiúr de phlean Trump Tower Damascus.
‘Seo mar a bhuaigh sé a chroí agus a intinn,’ a dúirt sé.
Gheall Prionsa Corónach na hAraibe Sádaí $600bn a infheistiú sna Stáit Aontaithe, lena n-áirítear $20bn in ionaid sonraí intleachta saorga, ceannacháin tuirbíní gáis agus trealamh fuinnimh eile ar fiú $14.2bn, beagnach $5bn i scairdeitleáin Boeing 737-8, agus margaí eile.
Ach tá sonraí na ngealltanas doiléir, agus thosaigh cuid de na cláir faoi riarachán Joe Biden.
Dúirt an Teach Bán go raibh pleananna ann do níos mó ná dosaen cuideachtaí Meiriceánacha chun airm, trealamh agus seirbhísí a dhíol.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.