

Tá Hamas tar éis Edan Alexander, príosúnach Iosraelach-Meiriceánach, atá 21 bliain d’aois, a scaoileadh saor, i gcinneadh a bhfuiltear ag súil go dtosóidh sé cainteanna nua faoi shos cogaidh do Ghaza.
Thug Hamas Alexander do Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge. Creidtear gurb é an giall deireanach Meiriceánach a bhí beo in Gaza.

Dúirt Hamas gur scaoileadh saor é tar éis teagmhálacha le riarachán na Stát Aontaithe. Dúirt siad: ‘Tagann sé seo mar chuid de na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag idirghabhálaithe chun sos cogaidh a bhaint amach, na crosairí a oscailt, agus ligean do chúnamh agus faoiseamh teacht ar ár muintir i Stráice Gaza.’
Mar sin féin, tagann an cinneadh de réir mar a leanann fórsaí Iosrael ag buamáil Gaza.
Le déanaí mharaigh siad 17 duine i scoil a bhí á húsáid chun daoine a chosaint ó ionsaithe diúracáin.
Tá siad tar éis stop a chur le bia agus cúnamh leighis a dhul isteach sna daoine atá ocras orthu le 71 lá anuas.
Tá daonra iomlán Gaza i mbaol criticiúil gorta agus tá leathmhilliún Palaistíneach sa chríoch ag tabhairt aghaidh ar ocras.
Maraíodh 52,862 Palaistíneach ar a laghad agus gortaíodh 119,648 i gcogadh Iosrael ar Gaza, de réir Aireacht Sláinte Gaza.
Mar sin féin, is é sin an figiúr oifigiúil de na básanna sin atá ar eolas faoi. Creidtear go bhfuil níos mó ná 61,700 marbh, agus na mílte corp ar iarraidh faoin smionagar (rubble).
Dúirt Hamas: ‘Iarraimid ar riarachán Trump leanúint ar aghaidh lena chuid iarrachtaí chun deireadh a chur leis an gcogadh brúidiúil seo a rinne an coirpeach cogaidh Netanyahu i gcoinne leanaí, mná, agus sibhialtaigh gan chosaint i Stráice Gaza.’
Rinne tuismitheoirí an Uasail Alexander, atá ina gcónaí sna Stáit Aontaithe, an turas go hIosrael roimh an scaoileadh a bhí siad ag súil leis.

Dúirt an teaghlach go raibh siad an-bhuíoch d’Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump agus a riarachán as a chuid oibre chun an scaoileadh a chinntiú.
Bhí an tUasal Alexander, arb as New Jersey dó, 19 mbliana d’aois nuair a tógadh é i ndeisceart Iosrael le linn ionsaithe Hamas ar an 7 Deireadh Fómhair 2023.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.