

Beidh damáiste mór déanta do gheilleagar na hÉireann, le 25,000 post níos lú, mar gheall ar na taraifí atá tugtha isteach ag Donald Trump.
Agus níl baint aige sin ach leo siúd atá curtha i bhfeidhm aige cheana féin, de réir rabhaidh oifigiúil an Rialtais.

Ní chuimsíonn sé na taraifí a bhfuil sé beartaithe aige a thabhairt isteach ar ár dtionscal cógaisíochta, tionscal deochanna agus tionscal déiríochta.
D’fhógair Trump taraifí ar scannáin freisin le déanaí, a chosnóidh níos mó ná €300m in aghaidh na bliana d’Éirinn.
De réir rabhaidh na Roinne Airgeadais, gearrfar ár nOlltáirgeacht Intíre (OTI, Gross Domestic Product, GDP) mar thoradh ar na taraifí 10% – ó 4% i mbliana go 2% an bhliain seo chugainn.
Agus cruthófar 25,000 post níos lú.
Tá sos trí mhí curtha i bhfeidhm ag Trump ar rátaí taraife níos airde fós, agus táthar ag súil go mbeidh riosca ard acu d’Éirinn.
Déanfaidh taraifí a gealladh ar thionscal na cógaisíochta agus an taraif 20% atá beartaithe ar an Aontas Eorpach níos mó damáiste eacnamaíoch.
De réir anailís a rinne an grúpa gnó, Ibec, bhí tionchar ar 25% d’onnmhairí ó Éirinn go dtí na Stáit Aontaithe, tar éis na dtaraifí 10%.
Mar sin féin, is cógaisíocht iad thart ar 61% d’onnmhairí na hÉireann go Meiriceá, arb ionann iad agus níos mó ná €44 billiún, rud a chiallaíonn go mbeadh tionchar suntasach acu ar GDP na tíre.
Dúirt an Roinn Airgeadais gur ‘beag tír atá chomh nochta d’aisiompú ná Éire’ de réir mar a mhoillíonn an trádáil.
Deir a thuarascáil gur dócha go mbeidh na hathruithe ar thrádáil dhomhanda bhuan agus ní sealadach, le rioscaí suntasacha dár ngeilleagar
‘Tá na treochtaí seo ag bagairt go mbainfidh siad an bonn de ghné bhunúsach de shamhail gheilleagrach (economic model) na hÉireann,’ a dúradh.
Dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohoe go bhfuil an t-airgeadas poiblí i riocht láidir chun aghaidh a thabhairt ar thurraing eacnamaíoch.

Tuartar barrachas (surplus) €8.9 billiún i mbliana agus €6.3 billiún an bhliain seo chugainn, gan na híocaíochtaí atá fágtha ó chás cánach Apple san áireamh.
Mar sin féin, dúirt sé: ‘Táimid in am éiginnteachta ollmhóra’, agus ‘dá airde an leibhéal éiginnteachta is measa atá sé d’fhás domhanda’.
Leagann an tuarascáil béim freisin ar an iomarca spleáchais ar chánacha corparáide, atá i mbaol.
Leagann an tuarascáil béim freisin go bhfuil baol ag baint le ganntanas tithíochta trí thionchar a imirt ar shoghluaisteacht saothair agus ar bhrú pá.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.