Ardmholadh ón URC do TG4 as a gclúdach rugbaí thar na blianta

Tá TG4 ag craoladh an URC gach deireadh seachtaine ó leathnaíodh an tsraith in 2021 – agus leanfaidh sé seo ar aghaidh

Tá ardmholadh tugtha ag ceannaire Craoibhe Rugbaí Aontaithe (United Rugby Championship, URC) chuig TG4 ag rá nár thóg aon chraoltóir eile in Éirinn an tacaíocht chéanna den Chraobh is a thug  an craoltóir Gaeilge.

Beidh an Craobhchomórtas Rugbaí Aontaithe ar fáil ar theilifís saorchraolta in Éirinn go dtí 2029 a bhuíochas do chomhaontú nua idir an tsraith agus TG4.

Leanfaidh TG4 lena chlúdach rugbaí, a bhfuil gradam bainte amach aige, agus beidh 26 chluiche ar a laghad ar fáil.


Leanfaidh TG4 ar aghaidh ag craoladh 16 chluiche URC ina mbeidh foirne nach as Éirinn iad
leanfaidh TG4 ar aghaidh ag craoladh 16 chluiche URC ina mbeidh foirne nach as Éirinn iad

Beidh an Cluiche Ceannais á chraoladh ag TG4 is beidh rochtain roghnaithe ar Chluichí Ceathrú Ceannais is Leathcheannais an URC.

Tá TG4 ag craoladh an URC gach deireadh seachtaine ó leathnaíodh an tsraith in 2021 chun foirne na hAfraice Theas a chur san áireamh.

Chomh maith leis sin, leanfaidh TG4 ar aghaidh ag craoladh 16 chluiche URC ina mbeidh foirne nach as Éirinn iad.

Dúirt Martin Anayi, Príomhfheidhmeannach na Craoibhe Rugbaí Aontaithe (URC), agus é ag labhairt faoi athnuachan na comhpháirtíochta seanbhunaithe: ‘Níl an oiread céanna tacaíochta, ar feadh tréimhse chomh fada, tugtha ag aon chraoltóir eile in Éirinn is atá tugtha ag TG4.

‘Beidh comhpháirtíocht níos faide ná fiche bliain déanta acu sa chéad timthriall eile seo agus tá fás tagtha ar an bhfonn atá orthu clúdach spóirt ar an leibhéal is airde a chur ar fáil an tráth céanna a bhfuil an URC ag teacht chun cinn.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

Faigh Nuachtlitir ExtraG.ie gach lá.

Cliceáil anseo

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram