Kneecap á fhiosrú ag póilíní na Breataine

Taispeánann an físeán duine de bhaill an bhanna ag rá ‘up Hamas, up Hezbollah’ agus bratach Hezbollah á thaispeáint ar an stáitse

Tá na póilíní sa Bhreatain ag fiosrú físeán de Kneecap, tar éis dóibh a bheith le feiceáil ag canadh in aghaidh Iosrael ag ceolchoirm i Londain i mí na Samhna seo caite.

Taispeánann an físeán duine de bhaill an bhanna ag rá ‘up Hamas, up Hezbollah’ agus bratach Hezbollah á thaispeáint ar an stáitse.

Tá an dá ghrúpa – Hamas agus Hezbollah – toirmiscthe sa Bhreatain, agus tá sé mídhleathach tacaíocht a léiriú dóibh. Mar sin féin níl sé mídhleathach tacaíocht agus airm a thabhairt d’Iosrael.

Dúirt urlabhraí póilíneachta: ‘Táimid ar an eolas faoin bhfíseán agus tá sé curtha ar aghaidh chuig an Counter Terrorism Internet Referral Unit lena mheasúnú.’

kneecap

Tháinig an scéal seo tar éis cáineadh eile ar Kneecap ag an bhféile cheoil mhór Coachella sna Stáit Aontaithe ar an 18 Aibreán.

Le linn an seó, léirigh siad teachtaireachtaí polaitiúla ar scáileán mór, lena n-áirítear: ‘Tá Iosrael ag déanamh géarleanúna ar mhuintir na Palaistíne,’ agus ‘Tá Rialtas SAM ag tacú leo tríd airm agus airgead a chur ar fáil.’

Ghlac go leor daoine sna Stáit Aontaithe go holc leis na teachtaireachtaí seo. Tháinig an scéal sna meáin mhóra cosúil le Fox News, LA Times agus Variety.

Capture 3

Thug Sharon Osbourne le fios gur chóir víosaí oibre an bhanna do Mheiriceá a bhaint.

Dúirt bainisteoir Kneecap, Daniel Lambert, ar RTÉ go bhfuair siad bagairtí báis tar éis na léirithe sin.

Dúirt sé freisin go raibh an banna ‘cróga’ as a bheith sásta seasamh ar son na fírinne, fiú más rud é go bhféadfadh sé dochar a dhéanamh dá ngairm nó dá n-ioncam.

Dhiúltaigh sé don tuairim go raibh a dteachtaireacht maslach agus mhaígh sé gurbh é an fíor-fhadhb ná na mílte duine a maraíodh i nGaza.

Mar fhreagra ar ráitis Sharon Osbourne, roinn Kneecap alt magúil ar Instagram leis an gceannteideal, ‘Sharon Osbourne shocked to learn meaning of ‘War Pigs’ after reading lyrics for first time,’ ag tagairt d’amhrán le Black Sabbath, banna a fir chéile Ozzy.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram