

Tá an banna ceoil Ispíní na hÉireann ag dul ó neart go neart, agus é mar aidhm acu cultúr agus oidhreacht na hÉireann a chur os comhair lucht éisteachta nua, i mbealach atá nua-aimseartha, spraíúil agus fuinniúil.
Agus iad ag ullmhú don seó is mó dá gcuid go dtí seo – ceannlíne sa 3Olympia Theatre ar an 1 Bealtaine – tá athruithe móra ag teacht.
Labhair Tomás Mulligan, príomhamhránaí an bhanna le ExtraG faoi na forbairtí móra seo, agus faoin dtreo nua atá Ispíní na hÉireann ag glacadh.
‘Is é seo an seó is mó a rinneamar fós – mar sin táimid go léir beagáinín neirbhíseach,’ a dúirt Tomás. ‘Tá ceoltóir nua againn arn an mbanjo anois – Paahto Cummins – atá ag teacht in áit Adam.’

Agus ní hé sin an t-aon athrú atá i gceist. ‘Tá drumadóir nua againn freisin, Declan Gillen,’ arsa Tomás, ag tabhairt le fios go bhfuil ré úr ag tosú don bhanna.
Bhí an banna ar stáitse sa 3Olympia cheana féin, ach mar ghrúpa tacaíochta do The Scratch. Níor éirigh go ró-mhaith leo an uair sin, dar le Tomás.
‘Seacht nóiméad isteach sa seó sin, bhí dhá shreang bhriste agam cheana féin,’ a dúirt sé ag gáire.
‘Ach leanamar ar aghaidh, thosaigh an lucht éisteachta ag gáire, agus chríochnaíomar le neart fuinnimhe.’
Anois, tá muinín mhór ag Tomás as fuaim nua an bhanna.
‘Tá mé fíorspreagtha faoin gcaoi a bhfuil ár bhfuaim ag forbairt – níl mé riamh tar éis a shamhlú go mbeadh sé chomh maith leis seo. Táimid réidh le cur i láthair sa 3Olympia mar níor chuala éinne muid mar seo cheana.’

Tá an banna ceoil lárnach i dteacht chun cinn an cheoil thraidisiúnta in athuair, ach le casadh nua-aimseartha. Tá Tomás thar a bheith buíoch go bhfuil siad ábalta a gcuid ceoil a scaipeadh ar fud an domhain.
‘Is rud craiceáilte é, mar uaireanta ní fheiceann tú cé chomh mór is atá sé ag fás. Ansin faigheann tú teachtaireacht ó dhuine in Auckland a bhfuil greamán s’againne acu ar an mballa. Tá sé speisialta dúinn.’
Maidir lena bhfuaim nua, admhaíonn Tomás nach mbeidh gach duine sásta, go háirithe lucht dílis an tseantraidisiúin. ‘D’fhéadfadh daoine a rá, “Cad atá déanta agaibh dár leanbh?”
Ach ní leanbh é. Tá an traidisiún na céadta bliain d’aois agus tá sé ag fás fós.
Mura bhfuil tú ag lorg rud atá go hiomlán dílis don tseantraidisiún, b’fhéidir nach muidne an banna duitse – ach táimid bródúil as an gceol atá á dhéanamh againn.’
Tá sé soiléir – tá Ispíní na hÉireann ag cur ceoil na hÉireann i láthair ar bhealach úr, spraíúil agus domhanda.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.