Imní faoin 47 leanbh eile i dteach Grace

17/04/2025

Tá Rapóirtéir um Chosaint Leanaí buartha faoin gcinneadh gan cásanna eile a fhiosrú tar éis gur foilsíodh tuarascáil Grace

Tar éis tuairisc Grace, tá Rapóirtéir Speisialta na hÉireann ar Chosaint Leanaí tar éis scríobh chuig an Aire Leanaí ag cur imní in iúl faoi 47 leanbh eile a raibh cónaí orthu sa teach altrama i gcroílár an chás.

Dúirt Caoilfhionn Gallagher go bhfuil imní uirthi gur chinn Coimisiún Imscrúduithe – a scrúdaigh an cúram a cuireadh ar fáil don bhean faoi mhíchumas –  gan fiosrú a dhéanamh ar eispéiris leanaí eile a cuireadh leis an teaghlach céanna, dar leis an Irish Daily Mail.

Tá imní ar Chaoilfhionn Gallagher faoi 47 leanbh eile i gcás Grace
Tá imní ar Chaoilfhionn Gallagher faoi 47 leanbh eile i gcás Grace

Bhí na leanaí eile sin ina n-ábhar do líomhaintí mí-úsáide freisin.

Agus dúirt an sceithire (whistleblower) an HSE, Iain Smith, a d’ardaigh imní faoi Grace ar dtús i 2007, gur ‘cur amú ama’ a bhí i dtuarascáil Choimisiún Farrelly agus go bhfeidhmeoidh sé mar chosc láidir ar sceithirí.

Dúirt an tUasal Smith go gcuireann an tuarascáil – a thóg ocht mbliana le táirgeadh agus a chosain €13 milliún go dtí seo – an teachtaireacht: ‘Is féidir leis an Stát tú a bhrúigh (crush), déanfaidh an Stát iarracht tú a bhrúigh.’

Chinn an Coimisiún nár ardaíodh aon líomhaintí i gcás 40 duine as 47 a cuireadh i dteach altrama Teaghlach X.

Ar an mbonn sin, dúirt an Coimisiún, nach raibh aon réasúnaíocht le dul ar aghaidh leis an dara céim pleanáilte den Choimisiún ag fiosrú cúram na daoine sin.

Tá amhras ar Ms Gallagher, áfach, faoin réasúnaíocht gan dul ar aghaidh le himscrúdú na gcásanna eile.

Baineann a ról mar Rapóirtéir Speisialta ar Chosaint Leanaí le himscrúdú, tuairisciú agus tacú le cearta leanaí agus cosaint ó mhí-úsáid agus dúshaothrú (exploitation).

Dúirt sí gur rugadh na daoine a cuireadh faoi chúram Theaghlach X faoi mhíchumas trom.

‘Bhí Grace í féin neamhbhriathartha. Mar sin mura n-ardaíonn duine gairmiúil iontaofa (trusted professional person) imní faoi leas na leanaí seo, cén chaoi eile a dtiocfaidh na líomhaintí seo amach?’ a d’fhiafraigh sí.

Luaigh sí taithí an Uasail Smith, a dúirt nár tháinig a chuid iarrachtaí ar bith.

Tá ceist anois faoi cad a tharlóidh ina dhiaidh seo do na teaghlaigh seo.

Tar éis ocht mbliana, tá siad fágtha gan aon fhreagraí agus gan chuntas, a dúirt sí.

Tá sé ráite ag foinse Comh-Aireachta (Cabinet source) amháin nach bhfuil ‘aon rud eile is féidir leis an Rialtas a dhéanamh’ do na teaghlaigh seo.

‘Tá a chinneadh déanta ag an gCoimisiún – ní féidir linn dul i gcoinne sin,’ a dúirt siad.

Ar an Máirt, d’fhoilsigh an tAire Leanaí Norma Foley tuarascáil deiridh Choimisiún Farrelly, a bunaíodh i 2017 agus a bhí faoi stiúir an t-abhcóide sinsearach Marjorie Farrelly chun cás Grace a scrúdú.

Rugadh Grace i dteach máthair agus leanbh sa bhliain 1978 agus í le míchumais intleachta agus fisiceacha troma, rud a d’fhág nach raibh focal labhartha aici.

Aire Norma Foley
Aire Norma Foley

Bhí cónaí uirthi faoi chúram an Stáit ar feadh a saoil.

I 2016, bronnadh damáistí €6.3 milliún ar Grace ón HSE, a ghabh leithscéal as teipeanna córasacha ina cúram le linn a cuid ama sa teach altrama le Teaghlach X.

Chinn an Coimisiún ar deireadh thiar go ndearnadh faillí ar Grace agus go raibh easpa maoirseachta ar a cúram.

Dúirt siad, áfach, nach raibh siad sásta go ndearnadh mí-úsáid fhisiciúil, ghnéasach nó mhothúchánach uirthi.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram