

Le teacht na Cásca, bíonn seacláid, uibheacha milse agus béilí móra blasta le fáil i ngach teach – ach tá rabhaidh láidre tugtha d’úinéirí peataí faoi na contúirtí a bhaineann leis na rudaí seo.
Tá dhá charthanacht, Dogs Trust Ireland agus Irish Blue Cross, ag cur béime ar an mbaol atá a bhaineann le roinnt bia daonna do pheataí.

Dúirt Dogs Trust go gcaithfear seacláid a choimeád ‘i bhfad ó lámh na madraí, mar tá sí nimhneach dóibh’.
Tá seacláid thar a bheith contúirteach do mhadraí agus do chait mar go bhfuil substaint inti ar a dtugtar ‘theobromine’, atá tocsaineach dóibh.
Thug Irish Blue Cross foláireamh freisin faoi bhéilí sailleacha, cosúil le dinnéar uaineoil na Cásca.
Is féidir le seacláid agus bia eile mar seo boilg thrioblóideacha a chur ar pheataí, agus fiú riochtaí tromchúiseacha cosúil le ‘pancreatitis’ a chur orthu – riocht atá an-phianmhar agus dainséarach.
Dúirt Sophie Olah, ceannaire sheirbhísí tréidliachta leis an Irish Blue Cross: ‘Tuigimid go bhfuil sé deacair gan bia a roinnt le do pheata, go háirithe nuair a fhéachann siad ort leis na súile móra sin.
‘Ach is féidir leis an nós sin dochar mór a dhéanamh. Caithfear seacláid, fíonchaora, rísíní, uibheacha Cásca agus fiú na clúdaigh a choimeád as a mbealach.’
Dúirt sí freisin gur cheart bláthanna lilí a sheachaint i dtithe le cait, mar is féidir leo cliseadh duáin (kidney failure) a chur orthu.
Luaigh an tréidlia (vet) Ciara Sweeney go bhfuil seacláid dhorcha agus púdar cócó an-chontúirteach ar fad.
Más rud é go gceapann tú go ndearna do pheata rud contúirteach a ithe, téigh i dteagmháil le do thréidlia láithreach. Is fearr bheith sábháilte ná aiféala.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.