Tá seacláid ‘toxic’ do mhadraí. Mar sin tá Dogs Trust Ireland ag tabhairt rabhadh d’úinéirí: Ná lig do do pheata d’uibheacha Cásca (Easter egg) a fháil.
Léirigh suirbhé a rinne an carthanas go bhfuil a fhios ag 99% d’úinéirí go bhfuil seacláid tocsaineach (toxic) do mhadraí, ach go bhfaigheann 19% de na madraí fós é nuair a bhíonn sé sa teach.
Dúirt Corina Fitzsimons, Bainisteoir Caidreamh Poiblí agus Cumarsáide le Dogs Trust Ireland: ‘Is féidir le boladh blasta seacláide a bheith ró- mealltach (tempting) do mhadraí.
‘Féadfaidh siad a bheith níos diongbháilte agus iad ag iarraidh é a bhaint amach, ná mar a dhéanfaidís do bhianna eile, agus go gcuirfeadh siad iontas ar a n-úinéirí a cheapann go bhfuil sé as an bealach.’
Léiríonn taighde a rinne an eagraíocht freisin nach bhfuil go leor daoine ar an eolas faoi na rioscaí do mhadraí de bharr bianna agus plandaí coitianta a bhfuil tóir orthu ag an am seo den bhliain.
Níl a fhios ag thart ar 47% d’úinéirí madraí go bhfuil lus an chromchinn (daffodils) nimhiúil (poisonous) do mhadraí.
NÍOS MÓ SIAMSAÍOCHT CLIC ANSEO:
Deir Dáithí Ó Sé go dtógfaidh sé bog é,
chun am a chaitheamh lena mhac
Agus lus an chromchinn faoi bhláth ag an am seo den bhliain bíonn go leor daoine ag coinneáil iad sa bhaile, mar sin tá an charthanacht ag moladh d’úinéirí iad a choinneáil i bhfad óna gcuid peataí.
Dúirt Niamh Curran-Kelly, bainisteoir tréidliachta (veterinary) agus leasa ag Dogs Trust Ireland: ‘Ós é an Cháisc atá ann, táimid ag iarraidh ar úinéirí a bheith ar an airdeall faoi aon bhiatais bhlasta atá tocsaineach, agus iad a choinneáil go sábháilte as teacht a gcuid madraí.
‘Is iad seacláid, rísíní, fíonchaora (grapes), cnónna macadami (macadami nuts), avocado, cnámha feola cócaráilte, agus an xylitol milseoir (sweetener) ach cuid de na bianna ar féidir leo a bheith ina guais sláinte (health hazard) do mhadraí.
NÍOS MÓ SIAMSAÍOCHT CLIC ANSEO:
Harry Potter ag teacht ar ais, an uair seo ar an teilifís
‘Tá an-tóir ar “hot cross buns” ag an am seo den bhliain ach tá rísíní iontu, agus ar ndóigh, ní mór uibheacha Cásca a choinneáil i bhfad ar shiúl ó na madraí.
‘Tá urlacan (vomiting), buinneach (diarrhea), tart iomarcach, crith agus drooling go léir comharthaí go bhféadfadh go bhfuil madra rud éigin tocsaineach.
‘Má léiríonn do mhadra aon cheann de na hairíonna seo, déan teagmháil le do thréidlia áitiúil láithreach le haghaidh comhairle.
NÍOS MÓ SIAMSAÍOCHT CLIC ANSEO:
Dollyday ag teacht! Cé mhéad Dollys a
d’fhéadfá a chur isteach in aon bhaile amháin i gCiarraí
‘Dá luaithe a thugtar an chóireáil, is amhlaidh is fearr an seans go mbeidh do mhadra ceart go leor.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.