

Tá an Ghaeilge ag dul chun cinn le tréan na ndaoine agus le Cill Dara Le Gaeilge i stáisiún na Sollán (Sallins), i gContae Chill Dara.
Fógraíodh Dé Máirt gur chláraigh an Coffee Dock, caifé atá suite i stáisiún traenach na Sollán, mar bhall de Ghnó Chill Dara.
Is é sin an scéim gnó atá ag Cill Dara le Gaeilge, ceanneagraíocht na Gaeilge i gcontae Chill Dara.
Tacaíonn an scéim seo le gnólachtaí a ngnó a chur chun cinn trí úsáid a bhaint as an nGaeilge ina gcaidreamh lena gcustaiméirí.

Agus tá William Kavanagh ón Coffee Dock ana shásta go bhfuil a chustaiméirí ag fáil blas den nGaeilge le blas an chaife.
Is tuismitheoir é de bheirt scoláirí i nGaelcholáiste Chill Dara agus dúirt sé: ‘Bhunaigh mé an Coffee Dock i stáisiún traenach na Sollán 12 bhliain ó shin i 2013.
‘Ó shin i leith táim ag cur aithne ar chomaitéirí a bhí ina strainséirí dom uair amháin ach anois atá ina gcuid de phobal atá ag fás i gcónaí, nó fiú ina gcairde.
‘Baineann go leor de mo chustaiméirí úsáid as a gcúpla focal agus iad ag taisteal ar maidin nó ag fáil caife uainn ag an Coffee Dock agus is bealach iontach é seo dom mo chúpla focal féin a úsáid inár dteanga álainn.’
Tá seirbhísí Gnó Chill Dara ar fáil freisin do ghnóthaí sa chontae ar mhian leo aitheantas náisiúnta a fháil trí Ghradam Gnó a bhaint amach, gradam de chuid an eagrais náisiúnta Glór na nGael.

Tugann an scéim náisiúnta sin aitheantas do ghnólachtaí a úsáideann an Ghaeilge mar chuid dá ngnó nó a chuireann seirbhís trí Ghaeilge ar fáil.
Ag fógairt na nuachta seo di, dúirt Sarah Walsh, Oifigeach Feidhmiúcháin le Cill Dara le Gaeilge: ‘Cuirfimid comhairliúchán saor in aisce ar fáil do Coffee Dock agus cabhróimid leo iniúchadh a dhéanamh ar bhealaí nua chun a ngnó a chur chun cinn.
‘Gheobhaidh siad comhairle maidir le feachtais mhargaíochta shaincheaptha a rith agus conas úsáid á baint as ardáin ar líne agus as na meáin shóisialta.
‘Is deis den scoth é an scéim seo do Coffee Dock forbairt a dhéanamh ar a ngnó agus nasc a chruthú leis an méid an-suntasach daoine a úsáideann an Ghaeilge go rialta nó a bhfuil spéis acu sa teanga.’
Tá deich nGaelscoil chomh maith le naíonraí, grúpaí pobail, eagraíochtaí agus coláistí samhraidh gníomhach i gContae Chill Dara agus de réir dhaonáireamh náisiúnta 2022, tá Gaeilge ag 95,484 duine sa chontae.
Tugtar maoiniú do Ghnó Chill Dara, an scéim gnó atá ag Cill Dara le Gaeilge, tríd an Scéim Tacaíochta Gaeilge atá ag An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán.
Tugann Cill Dara le Gaeilge cuireadh d’aon ghnó atá lonnaithe i gcontae Chill Dara agus ar mhaith leo níos mó a fhoghlaim faoin scéim teagmháil a dhéanamh leo.
Le tuilleadh eolais ar fáil CLICEÁIL ANSEO
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.