Taraifí Trump: €6 bhilliún caillte ag cistí pinsin in Éirinn

08/04/2025

Tá taraifí Trump tar éis na margaí idirnáisiúnta a chur ina chíor thuathail, rud a chuireann isteach go mór ar phinsin in Éirinn

Bhí seachtain chrua ag margaí airgeadais ar fud an domhain de bharr taraifí Trump. De réir tuairiscí, cailleadh timpeall €5.2 trilliún i luach na margaí. Dúirt JP Morgan, comhlacht mhór airgeadais i Meiriceá: ‘Beidh fuil ann.’

In ainneoin seo, bhí Donald Trump dearfach ina ráiteas ar a ardán Truth Social. Dúirt sé nach n-athróidh a chuid polasaithe, fiú le fadhbanna móra sna margaí.

Ach tá drochscéala do phinsinéirí in Éirinn. Tá idir €4 bhilliún agus €6 bhilliún imithe ó luach infheistíochtaí pinsin in Éirinn le seachtain anuas.

Chaill pinsin in Éirinn suas €6 bhilliún i rith na seachtaine de bharr na taraifí a d'fhógair Donald Trump. Pictiúr: Andrew Harnik/Getty Images

Cad a Tharla?

Mhínigh Aaron Killboy, comhairleoir le Lane Clark & Peacock, gur fógraíodh taraifí nua sna Stáit Aontaithe a chuir eagla ar infheisteoirí. Tá an baol ann go mbeidh níos lú trádála domhanda agus níos lú brabúis ag cuideachtaí. Mar sin, thit luach stoc domhanda thart ar 10% le seachtain anuas.

Dúirt sé: ‘Bíonn pinsinéirí Éireannacha ag brath go mór ar mhargaí stoc domhanda le haghaidh fás ar a gcuid infheistíochtaí. Má bhí €72 bhilliún sa chóras pinsin in Éirinn ag deireadh 2024, d’fhéadfadh go bhfuil idir €4-6 bhilliún caillte.’

An Cur Chuige Fadtéarmach

Ach deir Killboy nach gá imní a bheith ar dhaoine. Deir sé go mbíonn éagsúlacht i bhformhór na straitéisí pinsin – ní bhíonn gach rud i stoc amháin. Bíonn cuid acu i mbannaí, i réadmhaoin, agus i sócmhainní eile.

‘Fiú nuair a thiteann margaí stoc, is minic go n-éiríonn níos fearr le sócmhainní eile. Braitheann an tionchar ar an infheisteoir – cén aois atá air, agus cén ciste atá aige.’

Thug sé le fios freisin nach ceart gníomh tobann a dhéanamh:
‘Molaimid do dhaoine smaoineamh go fadtéarmach. Níl sé ciallmhar cinneadh a dhéanamh bunaithe ar theidil nuachta amháin.’

‘Is minic a bhíonn luaineacht i margadh, ach san fhadtéarma, tugann na margaí toradh maith dóibh siúd a fhanann leo.’

Taraifí trump
Moltar d’infheisteoirí a bheith ag smaoineamh go fadtéarmach nuair mar tagann athruithe ar mhargaí go minic. Pictiúr: Shutterstock

Tionchar in Éirinn – Postanna i gContúirt

Ag an am céanna, tá fadhb eile ann in Éirinn. Dúirt Danny McCoy, Príomhfheidhmeannach IBEC, tar éis cruinniú den Fhóram Fostaíochta agus Eacnamaíochta, go mbeidh go leor gnólachtaí Éireannacha i dtrioblóid an deireadh seachtaine seo.

‘Tá gnóthaí ag súil le laghdú suntasach ar éileamh, agus beidh ar a gcuid oibrithe dul ar obair ghearrthéarmach,’ a dúirt sé.

Ciallaíonn obair ghearrthéarmach go laghdaítear líon na n-uaireanta a oibríonn duine, mar gheall ar fhadhbanna nach bhfuil smacht ag an bhfostóir orthu – mar shampla, easpa éilimh nó fadhbanna trádála.

Dúirt sé freisin: ‘Le linn Covid-19 agus Brexit, d’fhoghlaimíomar gur fearr daoine a choinneáil ceangailte lena bhfostóir go dtí go dtéann an géarchéim thart.’

taraifí trump
Pictiúr: Andrew Harnik/Getty Images

Freagra ón Rialtas

Ag an gcruinniú céanna, d’fhógair an Tánaiste go mbeidh plean nua le haghaidh éagsúlú margaí ullmhaithe laistigh de shé seachtaine.

D’fhiafraigh iriseoirí ar Simon Harris faoin scéal, agus dúirt sé go bhfuil scéim ghearrthéarmach fostaíochta ann cheana féin, in oiriúint dóibh siúd a bhfuil a n-uaireanta laghdaithe.

Thug sé foláireamh freisin: ‘Fiú má dhéantar margadh leis na Stáit Aontaithe, tá sé soiléir go mbeidh taraifí níos airde ann ná mar a bhí roimhe.’

Agus chuir sé leis: ‘Is cosúil go bhfuil muid ar ais i saol lán le cosantachas agus bacainní trádála. Ba cheart dúinn uile glacadh leis go dáiríre nuair a deir Trump rud éigin – toisc gur cosúil go bhfuil sé dáiríre faoina bheartais.’

Dúirt sé freisin nach mbeidh margadh le tíortha eile, cosúil le Ceanada nó an India, in ann an caillteanas eacnamaíochta ón Stáit Aontaithe a chúiteamh.

‘Cruthaíonn ráiteas Trump faoi tharaifí mearbhall agus éiginnteachta don eacnamaíocht,’ a dúirt sé.

Molann saineolaithe go láidir do dhaoine gan a bheith ró-imníoch. Ba chóir dóibh dul i dteagmháil le comhairleoir airgeadais má tá ceisteanna acu faoina bpinsin.

Dúirt Aaron Killboy: ‘Fiú le luaineacht ghearrthéarmach, tá na torthaí fadtéarmacha dearfach do dhaoine a fhanann san infheistíocht.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram